Sunday, May 15, 2005

Cogadh na Réaltaí

Rinne an tImeallach trácht ínteacht ar an scannán is úire as ceárta George Lucas. Siúd is go rabh seal ann i mo shaol agus dúil nimhe agam ins an cheoldráma spáis - agus go bhfuil seal eile den chineál sin ann fá láthair agus mé ag iarraidh Gaeilge a chur ar Foundation le hIsaac Asimov - ní fhaca mé ach cuid de na scannáin. Is é sin, ní fhaca mé ach an chéad tríológ, agus b'éigean domh fanúint leis an Cháisc seo caite leis an Phantom Menace a fheiceail, nó chaith mé an chuid ab fhearr de sheachtain na Cásca i dtigh mo chailín, thuaidh in Vaasa, agus an scannán sin ar an teilí ansin. (Níl teilifíseán de mo chuid féin agam anseo i dTurku.)

Is é an locht ba mhó a fuair na criticeoirí anseo, chomh maith le mo chuid carad féin, ar an darna tríológ i gcomparáid leis an chéad cheann, ná go rabh atmaisféar an chéad scannáin curtha ó mhaith go hiomlán. Is é an rud a bhí speisialta i gCogadh na Réaltaí ar tús ná an chuma úsáidte, smolchaite a bhí ar na rudaí, is é sin, blas an fhíorshaoil - in áit a bheith ag déanamh ról na todhchaí inár saol féin, saol ann féin a bhí i saol an chéad scannáin den tsraith. Bíonn blas na bréige ar chuid mhór de na scannáin fhicseaneolaíochtúla comh glan lonrach is a bíos an feistiú stáitse, rud a bhaineanns go mór mór de chraiceann na hinchreidteachta. Siúd is nach bhfuil i gceist ach siamsaíocht lom, bheadh sé comh maith ag lucht na scannánaíochta jab maith a dhéanamh daoithi. Agus is é an rud a thabhaigh a chliú don chéad scannán spáis le Lucas riamh ná go rabh dusta agus deannach agus salachar ar na rudaí, i gcruth is go sílfeá gur earraí gnáthúsáide a bhí ann, seachas cuid de ghléasadh bréige an scannáin. Thar aon rud eile, is cuimhin liom an t-aerghluaisteán a bhí Luke Skywalker a thiomáint nuair a rinne sé an chéad iontráil ar an stáitse riamh. An déanamh a bhí ar an ghléas taistil áithrid sin, bhí sé ag cur i gcuimhne gluaisteáin (talaimh!) na laetha a bhí ann go gairid roimh mo bhreith féin, na cinn mhóra Mheiriceánacha ach go háithrid. An té a chonaic an gliogramán sin, ba léir dó ó thús go rabh stair dá chuid féin ag an domhan, nó ag an ollchruinne, ina rabh cónaí ar Luke Skywalker.

Thairis sin, siúd is nach rabh ins an vúcaí udaí Chewbacca ach deideighe mór, bhí cuid de na neachanna eachtardhomhanda sách inchreidte ins an chéad scannán. Chuirfeadh Jabba the Hutt (nó "an Hutt Jabba" as Gaeilge, is dócha, óir is dóigh liom gurb é a chineál de neacha eachtardhomhanda a bhí i gceist leis an fhocal sin Hutt ag Lucas) eadar eagla agus samhnas ort, agus tú i do bhuachaill deich mbliana ag amharc ar an scannán. (Tá mé ag labhairt ar an bhunleagan, ar ndóighe. Ba mhór an t-ábhar aiféaltais do Lucas an t-athchóiriú a rinne sé ar an chéad shraith le maisíocht na tríú mílaoise.) D'imigh sin agus tháinig Jar Jar Binks. Dá bhfeicinn leithéid Jar Jar Binks ar an scáileán agus mé deich mbliana d'aois, d'fhágfainn an phioctúrlann ar an toirt agus rachainn a lorg mo chuid airgid ar ais. Ghlac an chéad Chogadh Réaltaí na páistí féin dáiríribh (is dócha gurb é sin an fáth nach rabh cead isteach ag páistí ní b'óige ná dhá bhliain déag i bpioctúrlanna Fionlannacha ina rabh an scannán sin ag imeacht, siúd is go dtearnadh neamhshuim den dianriail sin go forleathan) - thar aon rud eile, scéal eachtraíochta a bhí ann, seachas eachtra do pháistí, agus béim á cur air go rabh sé de chuspóir ag Lucas coincheap an eachtra buachaillí bó a chur in oiriúint do ré an fhicsin eolaíochta, smaoitiú a thaitin go mór mór le gach buachaill beag a bhí i ndiaidh a dhóthain ama a chaitheamh os cionn úrscéalta ficsin eolaíochta agus os coinne "Western na Míosa" ar an teilí. (Ba mhaith liom a fháil amach, an mbíonn an tsraith sin - "Kuukauden western" as Fionlainnis - ag imeacht ar an teilí i gcónaí. Nuair a bhí mé óg, bhíodh Teilifís a Dó, is é sin, an darna bealach teilifíse de chuid an chumhlachta náisiúnta craoltóireachta, ag taispeáint seanscannán Iarthair Fhiain i dtús gach míosa. )

Sunday, May 08, 2005

An Ríocht Neamhaí

Chuaigh muid a dh'fheiceáilt Kingdom of Heaven inné, agus fríd is fríd, cha rabh mórán ó mhaith leis mar scannán. Ar ndóighe, bhí Balian bunaithe ar roinnt pearsana éagsúla ó stair na Tíre Naofa, mar a fuair mé amach ag déanamh mo staidéir ar na leathanaigh bhainteacha ar an leabhar udaí The Holy War le Karen Armstrong. Thar aon rud eile, cha dtáinig Balian riamh i gcomharbacht ar bharún Ibellin. B'é a dheartháir mór, Baldwin, a bhí ina bharún. B'fhíor é, áfach, go mb'é Balian a chuir cóiriú catha ar mhuintir Iarúsailéim agus sluaite cogaidh Shalahuddin ag teannadh ar an áit. Ach ní rabh cumann ná caidreamh rómánsúil ag Balian leis an Bhainríon Sibylla. A mhalairt ar fad. Nuair a tháinig sé go hIarúsailéim, níor theastaigh uaidh ach a bhean chéile a thabhairt leis, agus gidh go rabh Salahuddin ag imdhruidim na cathrach cheana, lig sé a chead sin le Balian. Istigh dó, áfach, fuair Balian roimhe muintir na háite scanraithe ag léigear na Muslamach, agus iad ag impí ar an ridire seo fanúint acu le cosaint na cathrach a eagrú. Rinne Balian mar a hagraíodh é, ach ins an am chéadna, chuir sé teachtaireacht chuig Salahuddin ag míniú dó cad é an chuma a bhí ar na cúrsaí, agus ins an deireadh thiar thall, b'éigean don bheirt acu, drogallach is uile mar a bhí siad roimh an chogaíocht, cath a chur ar a chéile le lucht na cogúlachta ar an dá thaobh a shásamh.


Maidir le híomhá Shalahuddin, bhí sí sách gar dá bhfuil ar eolas ag na staraithe air. Is fíor go dtearnadh ábhar finscéalaíochta de thiar ins an Eoraip chomhaimseartha, nó ba fear cráifeach é nach rabh obair an chogaidh ag teacht leis, agus é ag glacadh trua lena chuid naimhde ar bhealach a bhí beagnach féinmharfach. Ón taobh eile de, an ródach a rinne na Crosáidithe ar a mhuintir, níor mhaith sé dófa riamh é, agus bhí sé ábalta ar dhíoltas fuilteach a imirt ar na Teamplóirí, ós rud é go mb'é a thuairim go mb'iad siúd a chuir tús leis na hionsaithe míthrócaireacha ar na Muslamaigh. Is léir gur aithin sé na Crosáidithe ó na Críostaithe eile: nuair a shealbhaigh sé an Chathair Naofa ins an deireadh thiar thall, d'ordaigh sé dá mhuintir gan dochar ar bith a dhéanamh d'eaglaisí na gCríostaithe Oirthearacha; ach maidir leis na heaglaisí a bhí tógtha ag na Crosáidithe, milleadh iad go hiomlán agus cuireadh moscanna Muslamacha ina n-áit.

Gheobhainn níos mó loicht ar an chur síos a tugadh ar pholaitíocht inmheánach Iarúsailéim féin, ar an dinimic eadar lucht an tsíochánachais agus lucht na cogúlachta. Is é an cur síos a bheir Ridley Scott dúinn ná go rabh an Rí Baldwin - an lobhar - go hiomlán le taobh na síochánaithe, agus nach mbeadh Salahuddin leis an tsíocháin a bhriseadh, ach go bé gur bhris páirtí na dteamplóirí an tsíocháin d'aon tsiúl. Tá cuid den fhírinne ins an leagan seo, ach dealraíonn sé go rabh sé ní b'araicisí chun cogaidh ná mar a bheir Scott le fios. Is é an leagan atá ag Scott ná go bhfuil an rí Baldwin meáite ar an tsíocháin a choinneáil, ach is é an leagan atá ag Karen Armstrong go mbíodh an rí eadar dhá chomhairle agus eadar dhá chineál comhairleoirí, agus é sách claonta cluas éisteachta a thabhairt do lucht na cogúlachta fosta.