Monday, July 25, 2005

Tamara Lund ar shlí na fírinne

Dealraíonn sé nach gcríochnóchaidh mé an iontráil sin fá dtaobh d'Evin Rubar choíche, ach is cuma. Thig liom iontráil úr a bhreacadh síos fúithi, go háithrid i bhfianaise na diospóireachta atá ag suaitheadh na Sualainne i gcónaí: ní thiocfaidh críochthoradh ar an scéal sin roimh dheireadh na bliana, a déarfainn. Ina áit sin, ba mhaith liom cupla líne a chur ar pár i gcuimhne ar Tamara Lund, a cailleadh ar an Aoine seo caite.

Baineann Tamara Lund go mór mór le laetha mo chéad óige. Bhí sí i mbéal an phobail nuair a bhí mé i mo pháiste bheag réamhscoile. Fán am sin, bhí sí deich mbliana fichead d'aois agus a fód bainte amach aici i saol siamsaíochta na Fionlainne. Ar bhealach, shíl mé riamh gur amhránaí ceoil éadroim a bhí inti - ní fhéadfá popcheol a thabhairt air go fóill, ins an am, nó ní tháinig an popcheol mar a thuigtear an téarma inniu go dtí an Fhionlainn roimh dheireadh na seascaidí, ach is é an cineál ceoil a shamhlóchainn Tamara Lund ná humppa, is é sin, an meascán de mháirseálacha Gearmánacha agus de cheol tíre de chuid na Fionlainne a n-éisteadh na sluaite síoraí leis sular tugadh taithneamh agus teasghrádh don rac-cheol dáiríribh. (Ar ndóighe, bhí Elvis ann roimhe sin, ach is doiligh liom a rádh an rabh mórán d'Fhionlannaigh óga a linne comh tugtha dó is a shílfeá. Bhí cultas Elvis ann gan dabht gan déidearbhadh, ach má bhí féin, sílim nach rabh sé ann ach ins na cathracha, agus bhí formhór mór na bhFionlannach ag cur fúthu fán tuaith ins na seascaidí féin, is dóigh liom. Mar sin, is dócha go mb'fhearr le formhór mór na n-ógánach féin an humppa agus an leagan Fionlannach den tangó ná aon chineál rac-cheol, go dtí go dtearn an náisiún a imirce mhór ón tuaith go dtí na cathracha.) Is é an t-aon amhrán amháin a chuala mé féin riamh á chanadh aici ná Pikku pikku bikineissä, is é sin, an leagan Fionlainnise de Itsy Bitsy Teenie Weenie. Ach is é an chuma atá ar an scéal anois ná go rabh an mícheart agam go huile is go hiomlán. Nó is é an scéal atá ag na páipéir anois gur amhránaí clasaiceach ceoldráma a bhí inti fosta.

Bhí sí pósta ar Fhionlannach, ach i ndeireadh na seachtóidí, agus í ag druidim leis an dá scór cheana féin, chuaigh sí a dh'obair go dtí an Ghearmáin, agus níor mhair an pósadh sin i bhfad, ó bhí an lánúin ina gcónaí in dhá thír éagsúla. I dtús na n-ochtóidí, d'fhéach na hirisí caidéise scainnir mhór a dhéanamh den scéal gráidh a bhí aici le hamhránaí de phór na Rómáine, Alexandru Ioniţa, a bhí ag canadh ins an cheoldráma chéadna léithi. Fuair Tamara dealú óna fear céile ins an Fhionlainn gur phós sí Alexandru, agus rugadh spéirbhean de nighin, Maria, don bheirt acu. Chaith sí a céad óige ins an Ghearmáin, ach ansin, chuir sí fúithi ins an Fhionlainn agus chuaigh sí le ceird a máthara. In aithris ar Tamara, phós sí an buachaill a bhí ag déanamh páirte ins an cheoldráma chéadna léithi féin.

Chaith Tamara seal ina ball de Chomhairle na Cathrach anseo i dTurku, agus í ag déanamh ionadaíochta don Pháirtí Láir. Comhairleoir neamhpholaitiúil a bhí inti, áfach, a chuireadh béim ar leith ar chúrsaí forbartha an chultúir - nó sin é an scéal a leigh mé ar na feartlaoithe, siúd is nach bhfuil a fhios beo agam an fíor an méid sin ar aon nós nó slí. Níor vótáladh isteach in athuair í, siúd is gur bhain sí gach leas as a gaisce amhránaíochta agus as gaisce amhránaíochta a nighne.

I mbreis ar an chultúr, bhí téamaí áithrid ina cuid toghchánaíochta a rabh cuma a páirtí orthu, mar atá, cath a chur ar na drugaí i measc na ndaoiní óga. Is dócha go bhfuil mé ciniciúil - tá sé furasta dhul chun ciniciúlachta más lánstaonaire thú i dtír comh tugtha don ól is do na drugaí leis an Fhionlainn - ach tá mé beagnach cinnte go rabh sí i ndiaidh a cuid féin de na drugaí a bhlaiseadh ins an Ghearmáin, gan aon trácht a dhéanamh ar na toitíní agus ar an ól, ar ndóigh. Sin é an cineál saoil a bíos ag na healaíontóirí stáitse. Is iad na cailíní is áille is túisce a gheibh an ailse, ós rud é go dtarraingíonn a n-áilleacht i dtreo an stáitse iad.

Mura bhfuil dul amú orm, bhí páirt ag Tamara i gcupla scannán grinn le Spede Pasanen ins na seascaidí. Is dócha go mbreacfaidh mé síos cupla líne fá dtaobh de Spede fosta, nó sin feinimeán Fionlannach nach mba mhiste a chur in aithne daoibh.