Sunday, August 21, 2005

Spede Pasanen

Ó gheall mé, agus mé ag scríobh feartlaoi do Tamara Lund, cupla líne a bhreacadh síos fá dtaobh de Spede Pasanen, tá sé thar am agam an gealladh sin a chomhlíonadh. I ndiaidh an iomláin, bhí Spede ar shiamsóirí móra ár dtíre. Thar aon rud eile, coincheap ar leith a bhí ann, agus é fite fuaite le saol na seascaidí is na seachtóidí. Bhí a impireacht scannánaíochta agus teilifíseoireachta (focal uafásach é sin, ach ní ritheann a dhath eile liom) díreach faoi bhláth, nuair a tháinig mise chun saoil, agus ba lena ghreann-san a tógadh mise. Ins an am sin, cha rabh mórán loicht ar an ghreann féin, agus fiú ins na blianta deireanacha, d'éiríodh leis go maith an-chorruair. Ar an drochuair, ba léir go rabh a sheansracadh ag tréigbheáilt mo dhuine, ansin, agus cuma an chantalóra is an chnáimhseálaí ag teacht air. Is dócha go rabh an bás ag seangú ina threo cheana féin ó thús na nóchaidí i leith, nó seanfhear a bhí ann ins an am sin, agus ní dhiúltaíodh sé riamh don toitín ná don deoch bhorb.

Cérbh é Spede Pasanen? Carachtar tábhachtach teilifíse a bhí ann thar aon rud eile. Sílim go rabh ról comh lárnach aige agus a bhí ag Gaybo Byrne in Éirinn, ach ar ndóighe, carachtar de chineál eile ar fad a bhí ann. Thoisigh sé ar a chaithréim ar an raidió i dtús na seascaidí, agus é ag scríobh sceitseanna grinn dó féin agus d'aisteoir eile a bhí ag déanamh pháirt na pearóide G. Pula-aho. Bhí G. Pula-aho ag labhairt i mbéarlagair sráide Heilsincí, rud a bhí neamhghnách go leor ag an am, i bhfianaise is go rabh sé de dhlí ar chóras craolacháin an stáit go gcaithfeá labhairt go glan soiléir sibhialta, gan scinneadh ón chaighdeán liteartha.

Rugadh Spede - is é sin, Pertti Olavi Pasanen - ins an bhliain 1930, thoir i gKuopio, agus blas na canúna sin le haithne ar a chuid Fionlainnise go lá a bháis. Is gnách greann, doilfeoireacht agus clisteacht a shamhailt le muintir Oirthear na Fionlainne, agus iad, de réir mar a chreidtear, i bhfad níos deisbhéalaí ná an chuid eile againn. Bhí an tíriúlacht seo ar fad ag baint le Spede agus lena chuid saothair. Chaith sé blianta a chéad óige i mbun dhá chineál caitheamh aimsire a dtéid formhór na bhfear óg leofa ins an Fhionlainn: lúthchleasaíocht agus útamáil leictreonaice agus teicneolaíochta. Na blianta fada ina dhiaidh sin, ina chuid scannán, ba mhinic dó a chuid aireagán féin a chur os coinne an lucht féachana. Bhí sé ag dréim le céim innealtóireachta nó ailtireachta a bhaint amach. Nuair a tháinig an cruth ar an tairne, áfach, roghnaigh sé an eolaíocht pholaitiúil in Ollscoil Heilsincí. Má roghnaigh féin, níor chríochnaigh sé a chuid staidéir riamh. Nó b'é saol na siamsaíochta a chinniúint.

I dtosach báire, bhíodh sé ag obair i scannáin mar aisteoir cúnta. Caithfidh sé go rabh gustal ínteacht fágtha i seantionsclaíocht scannánaíochta na Fionlainne i gcónaí ins an am, má bhí sé ábalta ar ghléas beo a bhaint as a leithéid. Cibé scéal é, is dealraitheach go bhfuair sé aithne ar na daoiní cuí ansin, ó chuaigh sé leis an tsiamsaíocht mar shlí bheatha i ndeireadh na dála.

Friday, August 12, 2005

Treoirleabhar Bhealach na Bó Finne don tSíobshiúlóir

Chuaigh mo chailín agus mise a dh'fheiceáil an scannáin arú inné, agus le fírinne ní raibh sé go ródhona. Ar a laghad ar bith. d'éirigh le lucht a scannánaithe atmaisféar an ghrinn ainrialaigh a choinneáil slán. Thaitin roghnú na n-aisteoirí liom, Trillian agus Zaphod Beeblebrox thar aon duine eile acu, agus má bhí aon locht ar an scannán, b'é locht na n-úrscéalta é. I ndiaidh an iomláin, bhí an Treoirleabhar ceaptha mar shraithscéal raidió, agus chaithfeadh Adams pointe amháin magaidh, ar a laghad, a chumadh le haghaidh gach eipeasóid. Cha rabh an fhoirm sin ag teacht go rómhaith leis an leagan úrscéil féin, gan aon trácht a dhéanamh ar an scannánú. Sílim, áfach, go bhfaca mé leagan teilifíse don aos óg thiar ins na hochtóidí. Cha rabh ach fotheidil Shualainnise ag dul leis an tsraith sin, nó b'í rannóg na Sualainnise de theilifís na Fionlainne a cheannaigh an tsraith. De réir mar a deir an t-IMDB (bunachar sonraí Eadarlín na scannán atá mé a mhaíomh), rinneadh an mhionsraith teilifíse sin thiar ins an bhliain 1981.

Ar ndóighe, tá an scannán dírithe ar lucht sean-adhartha an Treoirleabhair thar aon dream eile, agus is í an mhaisíocht is mó is suim leofa...nó linn. Nuair a thig an cruth ar an tairne, is í an Treoirleabhar an dúshlán is mó a thiocfadh leat a chur os coinne aon speisialtóir maisíochta, agus muid féin ag súil le móréachtaí ó lucht na ceirde sin. Is beag locht a gheobhainn ar an scannán ó thaobh na maisíochta de, ach is doiligh leis an cheardaí is fearr amuigh an tsaint sin a shásamh go hiomlán. Thairis sin, is dócha nach bhfuair an treoirleabhar féin an t-aibhsiú a bhí dlite daoithi.

Wednesday, August 10, 2005

Príomhscéalta

Tá Heli Koivula, iar-lúthchleasaí mná ón Fhionlainn agus í pósta ar lúthchleasaí fir ón Afraic Theas, i ndiaidh úrscéal leispiach pornagrafaíochta a fhoilsiú a bhfuil a imeachtaí suite i saol na lúthchleasaíochta i dtír dhúchais an údair féin. Is é an tátal a bhaineanns mé féin as an scéal ná go bhfuiltear ag caitheamh anuas ar fhir na Fionlainne aríst eile. An teachtaireacht atá á reic ag Heli ná gurb é an fear coimhthíoch an phríomhrogha, ach mura dtaraidh leis an chailín bhocht a leathbhreac de chránaí a fháil in eangaigh, go dteánfaidh bean eile an gnoithe - ach ná samhlaigh leor a ghabháil le fear Fionlannach!


Chuaigh heileacaptar i dtóin phoill eadar dhá thrá, agus í ag dul trasna Mhurascaill na Fionlainne ó Tallinn, príomhchathair na hEastóine, go Heilsincí, príomhchathair na Fionlainne. Dealraíonn sé go bhfuair breis agus dosaen de dhaoiní bás ins an teagmháil, agus iad fágtha á dtachtadh taobh istigh de chabhail an heileacaptair. Daoiní uaisle agus mór le rádh iad na daoiní a fuair bás, cosúil le feidhmeannaigh arda de chuid na gluaiseachta ceardchumann ins an Fhionlainn, lucht gnoithe agus ealaíontóirí ón Eastóin. Bhí beirt Mheiriceánach i measc na bpasantóirí fosta.

Ba leis an chomhlucht udaí Copterline an heileacaptar. Roimhe seo, bhí Copterline cáinte ag na húdaráis, agus duine de na heitleoirí i ndiaidh an turas trasna a chur isteach beag beann ar an aimsir a bhí ródhoineanta le haghaidh heileacaptair. Mar sin féin, bíonn an-fhonn ar lucht gnoithe faoi dheifre, ach go háithrid, leas a bhaint as seirbhísí Copterline leis an léim eadar dhá phríomhchathair a thógáilt go géar gasta.

Bhí an tóirneach ag cur i dtíortha ar fud Dheisceart na Fionlainne fá lár na seachtaine, agus an aimsir ag caochló go géar gasta eadar soineann agus doineann. Rinne an tóirneach dochar nach beag do chóras soláthair an leictreachais, agus is iomaí tinteán a fágadh gan solas go háithrid fán tuaith. Dealraíonn sé go bhfuil na stoirmeacha seo thart anois, agus an leictreachas féin i ngléas aríst. Cha dteachaigh an tóirneach thart le Turku ach an oiread gan stangadh a bhaint asainn, agus fuair muid riachtanach amuigh anseo in Varissuo, ar imeall na cathrach, plocóidí an ríomhaire agus an teilí a tharraingt ar eagla na heagla.