Friday, January 20, 2006

George Orwell

Rith liom iontráil a scríobh do Vicipéid na Gaeilge fá dtaobh de George Orwell, nó Eric Arthur Blair. Níl sí críochnaithe go fóill, ach nuair a bhéas, tá mé cinnte go mbeidh sí ar an alt is fearr fán fhear sin ar aon leagan den Vicipéid.

Bhí Orwell ar duine de na scríbhneoirí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm nuair a bhí mé i mo stócach óg ag teannadh isteach le lá m'Ardteistiméireachta. B'iad a chuid aistí ba chúis leis, go bunúsach. Bhí an dá úrscéal mhóra léite agam i bhfad roimhe sin, nuair a bhí mé dhá nó trí bliana déag d'aois. Sílim go rabh mé ar a laghad sé bliana déag d'aois nuair a thoisigh mé a léamh aistí le mo dhuine, thar aon cheann eile, b'é The Lion and the Unicorn, An Leon agus an tAonbheannach, a léigh mé. Ní rabh mé an oiread sin ar lorg a chuid scríbhneoireachta agus a bhí mé ar lorg an Bhéarla, nó siúd is go rabh mé ag léamh Gearmáinis go líofa ins an am sin, bhí mé thar a bheith míshásta leis an chaoi a bhí ar mo chuid Béarla. Gidh go rabh an-suim agam ins an Bhéarla agus mé naoi mbliana d'aois, thréig an tsuim sin nuair a bhí mé i mo dhéagóir, nó fán am sin, ní rabh draíocht ar bith ag baint leis an teangaidh a thuilleadh. Cha rabh ann go bunúsach ach seort cód seachas teangaidh - cód nó francbhéarla nó fiú seort nasctheangaidh (pidgin) nach rabh cultúr dá cuid féin ag goil léithi. Ansin, chrom mé d'aonturas ar scríbhneoirí a rabh cultúr sainiúil Sasanach ag baint leofa a léamh ins an Bhéarla. B'é Orwell an scríbhneoir ba spéisiúla a rabh aithne agam ar a shaothar as Fionlainnis - bígí cinnte go bhfuil eadar Nineteen Eighty-Four agus Animal Farm ar fáil as Fionlainnis le fada (Vuonna 1984 agus Eläinten vallankumous - is é sin, "Ins an bhliain 1984" agus "Réabhlóid na nAinmhithe", in áit "Feirm na nAinmhithe"). Ní rabh mórán eile dá chuid saothar aistrithe go Fionlainnis go fóill, ins an am sin. Is dócha nach rabh ann ach an dá úrscéal mhóra agus Homage to Catalonia. (Is é an teideal atá ar an cheann sin as Fionlainnis ná Katalonia, Katalonia!. In aithris air, baisteadh Patagonia, Patagonia! ar an leabhar taistil le Bruce Chatwin, In Patagonia.) Bíonn teidil aistíocha ar na haistriúcháin Fhionlainnise uaireanta, cosúil le Huomenna hän tulee ("Amárach a thiocfas sé"). An dtig libh a thomhas, cén saothar tábhachtach de chuid na scríbhneoireachta domhanda atá i gceist leis sin? Nach dtig? Ceart go leor, nochtfaidh mé daoibh é: Waiting for Godot/En attendant Godot. I ngach aon teangaidh shibhialta eile den domhan, is féidir leat tagairt a dhéanamh don dóigh a bhfuiltear "ag fanúint le Godot", ins an ghnáthchaint. Ní aithneochadh an Fionlannach an tagairt sin.

Ach fágaimis na seanchairteacha sin. Bhí mé ag trácht ar fheasbhaidh na n-aistriúchán ar shaothar Orwell. Tháinig Down and Out in Paris and London amach i ndeireadh na n-ochtóidí nó i dtús na nóchaidí. Puilla paljailla atá air as Fionlainnis, is é sin, "Ar an bhlár fholamh" (nó "ar na maidí loma", focal ar fhocal). Is é sin, down and out. Fágadh Páras agus Londain ar lár. Fán am chéadna, haistríodh díolaim aistí faoin teideal Kun ammuin norsun ja muita esseitä - "Nuair a Lámhach Mé an Eilifint, agus Aistí Eile". Bhí an díolaim sin ainmnithe as an aiste Shooting an Elephant, ar ndóighe, ach fríd is fríd, bhí mé thar a bheith míshásta leis an roghnachas a rinne an t-aistritheoir. Bhí a fhios agam go rabh mo dhuine doirte ar fad do Joseph Conrad, agus mar sin, fuair sé riachtanach an freagra gairid a aistriú go Fionlainnis a thug Orwell ar cheist ó dhream ínteach de Pholannaigh ins an Bhreatain Mhór ar theastaigh uathu a bharúil a fháil ar thábhacht Chonrad don litríocht Shasanach agus ar an bhaint a bhí ag Conrad le hiomlán na litríochta sin. Ins an am chéadna, níor bhac mo dhuine le haiste Orwell fá dtaobh de Charles Dickens a aistriú, ós rud é nach ndearctar ar Dickens mar shiombail an tSasanachais ins an Fhionlainn. Dar críopsa príosta! Nuair a chrom mé ar aiste Orwell a léamh an chéad uair, b'é an t-aon rud amháin a bhí ar eolas agam fá Dickens ná gurbh eisean an scríbhneoir ba Sasanaí amuigh! Ní rabh mé i ndiaidh Dickens a léamh, ní rabh mé ach i ndiaidh triail ínteach a bhaint as Pickwick nuair a bhí mé óg. Is dócha nár chríochnaigh mé riamh aon leabhar leis ach David Copperfield, dála an scéil.

Thrácht mé ar The Lion and the Unicorn. Is cuimhneach liom gur foscal súl a bhí ann ar go leor bealtaí. Ins an leabhar sin, d'fhéach Orwell leis an choimeádachas náisiúnaíoch agus an Sóisialachas dá dhéantús féin a cheangal dá chéile, agus d'éirigh sé leis measartha maith. - Díol suntais é nach bhfuil an comhcheangal sin ró-neamhghnách i measc na náisiúntóirí Éireannacha ach an oiread. - Nuair a thoisigh an Darna Cogadh Domhanda, rinne Orwell scrúdú coinsiasa agus shocraigh sé leis go rabh sé le buille a bhualadh ar mhaithe le Sasana agus in éadan Hitler, dá ligtí dó é. An cur síos a thug sé ar fhorbairt a chuid smaointí go gairid roimh an chogadh, chuidigh sé liomsa, go fadtéarmach ar a laghad, meon míleatachais mo mhuintire féin a thuigbheáil.

Nó nuair a bhí mé óg, agus rogha na bhfear óg ag diúltú ghoil ins na saighdiúirí - is gá a chur in iúl don léitheoir anseo go bhfuil an coinscríobh (nó an t-óglachas éigeantach, nó an phreasáil) in úsáid ins an Fhionlainn ins an lá atá inniu ann, gan trácht ar na hochtóidí - bhí sé deacair, agus suim agat i rudaí eile seachas ólachán agus haca oighir (bhail, bhí Varkaus ar an fhíorbheagán áiteanna ina n-imrítear bandaí, nó iománaíocht oighir, in ionad haca oighir ar scoil, ach tuigeann sibh an rud a bhfuil mé ag tagairt dó), a shamhailt go bhféadfadh aon duine a bheith ag tacú leis an óglachas éigeantach gan a bheith ina dheargamadán. Na daoiní stuama féin, a thúisce is a thráchtfá ar chúrsaí an fhiannais leofa, chuaigh an diabhal iontu agus iad ag ligint a rachta. Sílim nárbh é an síochánachas ba chúis leis an dóigh ar éirigh sé faisiúnta thiar ins na hochtóidí gan a ghoil ins na saighdiúirí, ach an samhnas a chuirfeadh a leathbhreac de mhire mhíréasúnta ar aon duine stuama.