Friday, April 15, 2005

An Scainnir Mhór

Is fánach blagadóir a choinneochadh siar scéal maith caidéise agus míghrinn. Mar sin, ba mhaith liom an tsreang a bhaint den mhála go dána dásachtach agus a inse daoibh cad é an scainnir is úire ins an tír bheag bhaoideach is dúchas domh féin. (Agus cad é is brí leis an fhocal aistíoch udaí scainnir, a fhiafraíonns sibh? Bhail, chan fhuil ann ach focal Ultach de chuid Shéamuis Uí Ghrianna ar scannal. Focal baininscneach atá ann, dála an scéil.)

Chan fhuil a fhios agam an dtug mé cur síos ceart ar pholaitíocht na Fionlainne, ach is é an páirtí is mó a chuireanns cath ar mhaithe leis na luachanna moráltachta traidisiúnta - na luachanna teaghlaigh agus tinteáin, mar a deir an Meiriceánach - anseo ná an Páirtí Láir, is é sin, seanpháirtí na bhfeirmeoirí is na tuaithe. Chan ionann sin is a rádh go mbeidís róchosúil le Poblachtánaigh na Stát Aontaithe, nó tá siad sách doirte don chóras leasa shóisialta ar chuidigh siad féin lena chur ar bun, tráth den stair, agus tá siad i bhfad níos drochamhrasaí i dtaobh ECAT (is é is brí le hECAT ná Eagraíocht Chosanta an Atlantaigh Thuaidh - sin NATO do lucht an Bhéarla - ar ndóigh, "conradh" agus ní "cosaint" atá i gceist leis an C i mbunbhrí an ghiorrúcháin, ach is fearr liom mo leagan féin, ó bheir sé le fios níos soiléire cén fheidhm atá leis an eagraíocht, go bunúsach) ná na Sóisialaigh Dhaonlathacha (is é sin, "Páirtí an Lucht Oibre" i dtéarmaí na nOileán Briotanach).

Thiar i mblianta caithréimeacha an Aontais Shóivéadaigh, bhí lucht an Láir fiú níos araicisí chun comhoibrithe leis na Rúisigh ná na Cumannaigh féin - ná déantar dearmad de go rabh na Cumannaigh Fhionlannacha scoilte fán dearcadh chóir ar an Aontas Shóivéadach. Cuid de na seanChumannaigh, bhí a seal caite acu ar deoraíocht ins an Rúis nuair a bhí cosc dlí leis an Pháirtí Chumannach ins an Fhionlainn, agus iad in éis an oiread sin den "pharthas" a fheiceáilt ón taobh istigh is go rabh siad meáite ar rud ínteacht ní b'fhónta ná é a thógáilt ina dtír dhúchais - scéal eile ar fad é gur chreid siad ina dhiaidh sin féin gur Cumannaigh a bhí iontu féin. Chan fhuil mé suite ná siúráilte de, ar chaith mórán acu seal in "oileánra na gcampaí géibhinn", ach má chaith, chan ábhar iontais ar leith é ar aon nós. Ón taobh eile de, bhí Aarne Saarinen, cathaoirleach an Pháirtí Chumannaigh ins na seachtóidí, bhí sé ina chrannlaoch a chaith blianta an Darna Cogadh Domhanda ina shaighdiúir in arm na Fionlainne ag cur troda ar na Sóivéadaigh - agus charbh eisean an t-aon duine amháin den chineál sin ins an pháirtí. Is cuimhin liom an breithiúnas a thug mo shean-Aintín Aino ar Shaarinen, agus mé i mo bhuachaill bheag: Cumannach gorm agus bán na Fionlainne. Ba bhreithiúnas thar a bheith moltach é ó mhnaoi a bhí comh talcánta tréan in éadan an Chumannachais agus a bhí Aino. - Is iad dathanna náisiúnta na Fionlainne iad an bán agus an gorm. Mar sin, is ionann an ráiteas a thug sí, ó thaobh na céille de, is go rabh sé de mheas aici ar Shaarinen gur fear mór tírghrá a bhí ann, rud nach samhlófaí daoithi le mórán Cumannach.

Ach tá mé ag scinneadh ón ábhar. B'í scainnir mhór an lae a bhí i gceist agam, scainnir mhór an Pháirtí Láir.

Fág is go rabh sé de chliú ar Mhatti Vanhanen, Príomh-Aire na Fionlainne, agus ar a mhnaoi chéile go nuige seo gur lánúin dhoscartha a bhí iontu, d'athraigh na cúrsaí ó bhonn i dtoibinne, seachtain ó sin, nuair a chuala an saol go rabh siad le dealú a fháil ó chéile. Is é sin, go rabh siad ag dul bealach an cholscartha. Ós rud é nach bhfuil Vanhanen ach an dá scór d'aois, a bheag nó a mhór, cha rabh aon mhoill ar na daoiní a dhul ar lorg na rúnseirce a bheadh taobh thiar den scéal seo. Is é an míniú oifigiúil a tháinig ón Phríomh-Aire ná go rabh an paisiún mór tráite i bpósadh na lánúine agus nach rabh sé indéanta an paisiún sin a scairteadh chun beatha aríst. Thar aon rud eile, arsa mo dhuine, ba chóir gan a bheith ag arsaí téamaí fá dtaobh d'aon rúnsearc. Ach ar ndóigh, cha dtig lucht an mhíghrinn a choinneáil ina dtost. Ins an chás áithrid seo, rith leofa nach saor in aisce a bhí Vanhanen ag cuidiú le Tanja Karpela, née Vienonen, an tAire Oideachais agus Cultúir, dhul leis an pholaitíocht mar ghléas beo, thiar ins an bhliain 1999. Cha rabh mórán taithí ná tuigse ag Karpela ar an pholaitíocht i dtosach báire, nó cha rabh inti go bunúsach ach bainríon áilleachta - Miss Finland ón bhliain 1991. Mar sin féin, chuaigh aici caithréim chuibheasach a bhreith i gcúrsaí polaitíochta, agus is é an chuma atá ar an scéal inniu ná gur duine de pholaiteoirí sinsearacha a páirtí atá inti cheana féin. (Chan fhuil sí ach cúig bliana déag is fiche i láthair na huaire.) Ar ndóighe, is doiligh leis na daoiní a chreidbheáilt gurb é sin an saol a bhí daite do chailín óg nach rabh de dhintiúirí aici, ar tús, ach a feaghraíocht. Is é an chéad rud a ritheanns leofa ná nach rabh inti ach rúnsearc leapa de chuid Vanhanen ar chinn sé polaiteoir dá pháirtí a dhéanamh daoithi.

Leis an fhírinne a dhéanamh: cha chreidim féin a dhath den scainnir seo. Chan fhuil comhábhair an bhanaí in Vanhanen. Fear liath atá ann, deamhan dath nó draíocht ag baint leis. Mar a chuirtear imeachtaí an chumainn chinniúnaigh in iúl, is dóigh liom nár tharla a dhath ar bith eatarthu, agus má tharla, cha rabh ann ach taisme - seort taisme oibre. Bhí an páirtí ag coinneáil tionóil nó ardfheise in óstán, agus is é an scéal a insítear anois ná gur fháiltigh Karpela an t-ábhar príomhaire isteach chuici féin le linn na hardfheise. Is é an míniú a bheir sí inniu ná go mbíonn sé de nós ins gach aon pháirtí nó club polaitiúil cúrsaí an domhain mhóir is a mháthara a chardáil thar oíche. Agus, leoga, tá sé de chlaonadh ionam creidiúint a thabhairt daoithi. Ón taobh eile de, chan fhuil sé as an ghnáth ach an oiread go bhfaigheann fear agus bean iad féin in aon leaba le chéile de thoradh a leithéid de dhiospóireacht.

Tá mé ag déanamh gur féidir gur chaith an bheirt sin oíche le chéile ag bualadh craicinn. Ins an am chéadna, tá mé barúlach go bhfuil an dá bh'fhéidir ann. Chan fhuil mé fabhrach do cheachtar den dá rogha. Agus is cuma liom, dáiríribh.

Cibé scéal é, bainfidh na Sóisialaigh Dhaonlathacha sult an domhain as an scéal seo! Ó tháinig Paavo Lipponen i gceannas ar an pháirtí áithrid sin, tá sé ina chogadh dhearg eadar na Sóisialaigh agus lucht an Láir. Roimhe sin, b'é an t-oideas ba choitianta amuigh le rialtas a réitiú don Fhionlainn ná an Lár agus na Sóisialaigh in éineacht, is é sin, "an úir dhearg" - b'iad na feirmeoirí (an Lár) an úir, agus í deargtha leis an lucht oibre (na Sóisialaigh Dhaonlathacha). Tháinig an briseadh mór le rialtas Harri Holkeri i ndeireadh na n-ochtóidí, mar atá, an rialtas "gorm agus dearg" (na Coimeádaigh agus na Sóisialaigh Dhaonlathacha) agus, ar ndóighe, rialtas "buirgéiseach" Esko Aho i dtús na nóchaidí, nuair a bhí na Sóisialaigh fágtha ins an fhreasúra.

2 Nótaí:

Ar 4/16/2005, Blogger Conn a dúirt...

"Chan fhuil comhábhair an bhanaí in Vanhanen. Fear liath atá ann, deamhan dath nó draíocht ag baint leis."

Ní chuirfeadh san bac air, a Phanu! Is beag duine a shamhlódh an caidreamh a nochtadh le déanaí idir iar P.A na na Breataine, John Major, agus a chomh-aire Edwina Currie thiar sna 90í. Beirt ní ba "liatha" ní fhéadfaí a shamhlú!

Go maire tú do bhlag deas nua - is maith liom an leagan amach atá air.

 
Ar 4/18/2005, Blogger Panu a dúirt...

Ó, ach ná déan dearmad gur Sasanaigh atá iontu. Bíonn na Sasanaigh i gcónaí ag cur gothaí na geanmnaíochta orthu féin, agus iad ina ndiabhail ag bualadh craicinn mar sin féin. A ghlanmhalairt sin a bíos fíor fá dtaobh de na Fionlannaigh.

 

Post a Comment

<< Abhaile