Sunday, April 02, 2006

Fógrán

Ní bhím ag cur leis an bhlag seo i láthair na huaire. Is fearr daoibh a dhul go dtí an ceann seo.

Monday, February 27, 2006

Na círéibí i mBaile Átha Cliath

Bhail, tháinig na hAontachtóirí go Baile Átha Cliath, agus tharraing siad brilsce agus bruíonachas ins na sálaí acu, rud nach mbeifeá ag súil lena mhalairt. Tá an Ginearál, a bhfuil ceartlitriú mo shloinne foghlamtha aige fá dheireadh, tá sé ag "guí na pláighe ar an dá theach", mar a deir sé féin, ach is dealraitheach go bhfuil níos mó dáimhe aige leis na Poblachtánaigh, i ndiaidh an iomláin. Tá sé inbharúla nach bhfuil cultúr ar bith ag na Prodasnaigh (creidim gurb é an leagan "Prodasnach" is bunús leis an fhocal Béarla "Prod"; tháinig mé ar "Prodasnach" i leabhar Leaslaoi Lúcáis fá dtaobh de Ghaeilge Ros Goill, agus mar sin, is dócha gurb é sin an leagan a bhí in Oirthear Uladh fad is a mhair an teangaidh beo breabhsánta thall ansin), agus siúd is nach n-aontaím leis ach ar éigean, is follasach go bhfuil sé chlaonadh ins an Phrodasnachas droim láimhe a thabhairt don chultúr.

Nuair a tháinig gluaiseacht na Muscailte - seo é an lomaistriúchán Gaeilge ar ainm na gluaiseachta athbheochana creidimh sin - chun saoil anseo, b'é an dearcadh a bhí acu ar an chultúr ná gur "nimh shofaisticiúil don anam" a bhí i gceist leis an fhilíocht, cuir i gcás. D'imigh sin agus tháinig seo, áfach, nó is beag aithne atá fágtha den fhrithchultúrachas sin ar an ghluaiseacht inniu. Nuair a bhí mé ag cur clabhsúir ar staidéar an Mháistir Ealaíon, tá deich mbliana ó shin, bhí baint ínteacht ag formhór mhór mo chuid carad ag an am sin le hiarsmaí na gluaiseachta sin, agus is ar éigean is féidir a theacht ar dhaoiní óga ní ba chultúrtha ná iad siúd.

Agus, ar ndóighe, an cailín a chuir críoch le m'uaigneas chosmach tá bliain go leith ó shin, bhí baint aicise le gluaiseacht na Muscailte fosta - agus an gcreidfeadh sibh go mbeinn sásta cumann grádha a chur ar bun le girsigh a bheadh ar beagán léinn? Déanta na fírinne, is í an tsaint i bhfoghlaim na dteangthacha a thug le chéile sinn, agus d'éirigh liom fiú an chéad chupla focal Gaeilge a mhúineadh do ghrádh mo chroí. Is é sin, an frithchultúrachas sin is dual do chineálacha áithrid Prodasnachais, cha dtógann sé ach a sheal féin, agus ba chóir dúinn anois, mar Ghaeilgeoirí, straitéisí a oibriú amach le dlúthas a chur leis an fhorbairt sin. Ba chóir a chur ins na súile orthu go dtig leofa, abair, páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge gan slán a fhágáil ag a gcreideamh ná ag an Aontachtóireacht féin.

Chan fhuil mé a rádh nach dtuigfinn cás an Ghinearáil nó fiú cás na bPoblachtánach a bhí ag bruíonachas amuigh ins na sráideanna. Is í an cheist a chuir an Ginearál ná: an bhfuil de dhualgas orainn dáiríribh fáilte a fhearadh roimh dhream daoiní nach bhfuil meas an mhadaidh acu orainn? (Ó bhíonn mo dhuine ag cur a litriú féin i bhfeidhm ina bhfuil scríofa agam - cosúil le duine de ligeadóirí agus casadóirí an Chaighdeáin, mar a déarfadh Pádraig Ua Maoileoin - is dóigh liom go bhfuil sé de cheart agam cor a thabhairt in aghaidh an chaim agus canúint an Tuaiscirt a bhualadh anuas ar a chuid focal.) Tá seisean sách gar d'éirim an scéil, ach má tá féin, cha dtáinig sé uirthi mar a thuigim féin í.

Mar is dúcha don Fhionlannach, is rogha liom féin an scéal a chardáil mar cheist bhunreachtúil. Tá idé-eolaíocht na nAontachtóirí, má tá a leathbhreac acu ar aon nós, - tá sí bunaithe ar an smaointiú nach mba chóir do Phoblacht na hÉireann a bheith ann, ó nach bhfuil inti, dar leofa, ach toradh uafásach an scarúnachais agus na mídhílseachta. Agus is é an scarúnachas an peaca is troime ar chaiticiosma na nAontachtóirí: an rud a d'aontaigh Dia le chéile, cé a scarfas é? Quis separabit?

Anois, an bhfuil sé de dhualgas - de dhualgas dlíthiúil, nó de dhualgas morálta - ar lucht rialtais Phoblacht na hÉireann na daoiní seo a ligint isteach, agus iad géarbharúlach nach mba chóir do Phoblacht na hÉireann bheith ann riamh? Na Meiriceánaigh, a bhfuil de bharúil acu go gcaithfidh gach aon duine, fiú an sceimhlitheoir agus an t-ollsmachtúlaí, cead cainte a fháil, is é an freagra a bhéarfaidís ar an cheist seo ná go bhfuil, agus iad ag tagairt do cheann de leasuithe a mbunreachta féin. Tá stáit dhaonlathacha ins an Eoraip, áfach, nach gceadóchadh a leithéid.

Cuir i gcás, David Irving. Tá sé ag maíomh nach rabh aon Uileloscadh ann riamh, agus é caite i dtóin phríosúin, ós rud é go bhfuil sé toirmiscthe le dlí i dtíortha na Gearmáinise a leathbhreac de ráiteas a dhéanamh gos ard. Is é an bhrí a bhaineanns na Meiriceánaigh as sin go bhfuil prionsabal na saoirse cainte curtha ar ceal, agus go bhfuil srianta leis an daonlathas ins na tíortha sin. Chan é sin an míniú a bheir dlí na Gearmáine agus dlí na hOstaire ar na cúrsaí seo. Go bunúsach, tá an Ghearmáin agus an Ostair bunaithe ar an smaointiú gur rialtas coiriúil amach is amach a bhí i gceist leis an chóras a bhí ann roimh an daonlathas iar-chogaidh, agus go bhfuil sé de mhisiún ag an rialtas a tháinig ar an fhód in éis an chogaidh cosc iomlán a chur le haon iarracht a leithéid de chóras coiriúil a chur ar bun ins an tír aríst. Is cuid de seo féacháil chuige nach nglacfaidh aon duine buntáiste mídhlisteanach ar an chead cainte ná ar aon phrionsabal daonlathach eile leis an daonlathas féin a chur ó mhaith.

Óir sin é go díreach an rud a thit amach ins an Ghearmáin nuair a tháinig Hitler chun cumhachta: buntáiste a bhreith ar an daonlathas le deireadh a chur leis an daonlathas, leas a bhaint as an bhunreacht leis an bhunreacht a chaitheamh i dtraipisí. Tá córas rialtais na Gearmáine dírithe ar an t-aon rud amháin ná go bhfuil de cheart ag na daoiní a rogha rud a dhéanamh, ach aird a thabhairt ar an bhunreacht. An "F.B.I" nó an Brainse Speisialta atá acu, is é an t-ainm atá air ná Verfassungsschutz, is é sin, Údarás Cosanta an Bhunreachta. Thiar ins na seachtóidí, cuireadh cosc leis an KPD, Kommunistische Partei Deutschlands nó Páirtí Cumannach na Gearmáine, díreach ar chúis is go rabh an páirtí verfassungswidrig, is é sin, meáite ar an bhunreacht a chur ar ceal. (Ina dhiaidh sin, rinne Cumannaigh na Gearmáine Thiar athionchollú faoin ainm DKP, nó Deutsche Kommunistische Partei, is é sin, an Páirtí Cumannach Gearmánach in áit Páirtí Cumannach na Gearmáine.) Ar ndóighe, bhí na liobrálaigh chroíloiscthe, mar a déarfadh na Meiriceánaigh, is é sin, na hidéalaithe ón eite chlí, bhí siad ar an daoraí, ach i ndiaidh an iomláin, cha dtig liom aontú leofa a thuilleadh, nó nuair a thig an cruth ar an tairne, próiseas rialaithe dlí a bhí i gceist, agus cead achomairc agat mura rabh tú sásta le breithiúnas na cúirte.

Tá bunreacht na hÉireann bunaithe ar an smaointiú gur anlathas a bhí i rialtas na Breataine Móire nár lig do bhunadh na hÉireann a saol a stiúradh mar ba chóir, agus nach rabh de rogha ach Poblacht a chur ar bun do na hÉireannaigh lena chinntiú go mbeadh rialtas agus rialú na tíre fúthu féin. Na Fir Bhuí, áfach, is dream iad atá ag áitiú nach mba cheart tús a chur leis an Phoblacht riamh, ó tá siad dílis don anlathas sin agus iad inbharúla go rachadh sé chun leasa do na hÉireannaigh féin gan stát dá gcuid féin a bheith acu. An bhfuil sé de dhualgas ar aon stát cead cainte nó máirseála a fhágáil ag dream frithbhunreachtúil den tseort seo?

Friday, January 20, 2006

George Orwell

Rith liom iontráil a scríobh do Vicipéid na Gaeilge fá dtaobh de George Orwell, nó Eric Arthur Blair. Níl sí críochnaithe go fóill, ach nuair a bhéas, tá mé cinnte go mbeidh sí ar an alt is fearr fán fhear sin ar aon leagan den Vicipéid.

Bhí Orwell ar duine de na scríbhneoirí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm nuair a bhí mé i mo stócach óg ag teannadh isteach le lá m'Ardteistiméireachta. B'iad a chuid aistí ba chúis leis, go bunúsach. Bhí an dá úrscéal mhóra léite agam i bhfad roimhe sin, nuair a bhí mé dhá nó trí bliana déag d'aois. Sílim go rabh mé ar a laghad sé bliana déag d'aois nuair a thoisigh mé a léamh aistí le mo dhuine, thar aon cheann eile, b'é The Lion and the Unicorn, An Leon agus an tAonbheannach, a léigh mé. Ní rabh mé an oiread sin ar lorg a chuid scríbhneoireachta agus a bhí mé ar lorg an Bhéarla, nó siúd is go rabh mé ag léamh Gearmáinis go líofa ins an am sin, bhí mé thar a bheith míshásta leis an chaoi a bhí ar mo chuid Béarla. Gidh go rabh an-suim agam ins an Bhéarla agus mé naoi mbliana d'aois, thréig an tsuim sin nuair a bhí mé i mo dhéagóir, nó fán am sin, ní rabh draíocht ar bith ag baint leis an teangaidh a thuilleadh. Cha rabh ann go bunúsach ach seort cód seachas teangaidh - cód nó francbhéarla nó fiú seort nasctheangaidh (pidgin) nach rabh cultúr dá cuid féin ag goil léithi. Ansin, chrom mé d'aonturas ar scríbhneoirí a rabh cultúr sainiúil Sasanach ag baint leofa a léamh ins an Bhéarla. B'é Orwell an scríbhneoir ba spéisiúla a rabh aithne agam ar a shaothar as Fionlainnis - bígí cinnte go bhfuil eadar Nineteen Eighty-Four agus Animal Farm ar fáil as Fionlainnis le fada (Vuonna 1984 agus Eläinten vallankumous - is é sin, "Ins an bhliain 1984" agus "Réabhlóid na nAinmhithe", in áit "Feirm na nAinmhithe"). Ní rabh mórán eile dá chuid saothar aistrithe go Fionlainnis go fóill, ins an am sin. Is dócha nach rabh ann ach an dá úrscéal mhóra agus Homage to Catalonia. (Is é an teideal atá ar an cheann sin as Fionlainnis ná Katalonia, Katalonia!. In aithris air, baisteadh Patagonia, Patagonia! ar an leabhar taistil le Bruce Chatwin, In Patagonia.) Bíonn teidil aistíocha ar na haistriúcháin Fhionlainnise uaireanta, cosúil le Huomenna hän tulee ("Amárach a thiocfas sé"). An dtig libh a thomhas, cén saothar tábhachtach de chuid na scríbhneoireachta domhanda atá i gceist leis sin? Nach dtig? Ceart go leor, nochtfaidh mé daoibh é: Waiting for Godot/En attendant Godot. I ngach aon teangaidh shibhialta eile den domhan, is féidir leat tagairt a dhéanamh don dóigh a bhfuiltear "ag fanúint le Godot", ins an ghnáthchaint. Ní aithneochadh an Fionlannach an tagairt sin.

Ach fágaimis na seanchairteacha sin. Bhí mé ag trácht ar fheasbhaidh na n-aistriúchán ar shaothar Orwell. Tháinig Down and Out in Paris and London amach i ndeireadh na n-ochtóidí nó i dtús na nóchaidí. Puilla paljailla atá air as Fionlainnis, is é sin, "Ar an bhlár fholamh" (nó "ar na maidí loma", focal ar fhocal). Is é sin, down and out. Fágadh Páras agus Londain ar lár. Fán am chéadna, haistríodh díolaim aistí faoin teideal Kun ammuin norsun ja muita esseitä - "Nuair a Lámhach Mé an Eilifint, agus Aistí Eile". Bhí an díolaim sin ainmnithe as an aiste Shooting an Elephant, ar ndóighe, ach fríd is fríd, bhí mé thar a bheith míshásta leis an roghnachas a rinne an t-aistritheoir. Bhí a fhios agam go rabh mo dhuine doirte ar fad do Joseph Conrad, agus mar sin, fuair sé riachtanach an freagra gairid a aistriú go Fionlainnis a thug Orwell ar cheist ó dhream ínteach de Pholannaigh ins an Bhreatain Mhór ar theastaigh uathu a bharúil a fháil ar thábhacht Chonrad don litríocht Shasanach agus ar an bhaint a bhí ag Conrad le hiomlán na litríochta sin. Ins an am chéadna, níor bhac mo dhuine le haiste Orwell fá dtaobh de Charles Dickens a aistriú, ós rud é nach ndearctar ar Dickens mar shiombail an tSasanachais ins an Fhionlainn. Dar críopsa príosta! Nuair a chrom mé ar aiste Orwell a léamh an chéad uair, b'é an t-aon rud amháin a bhí ar eolas agam fá Dickens ná gurbh eisean an scríbhneoir ba Sasanaí amuigh! Ní rabh mé i ndiaidh Dickens a léamh, ní rabh mé ach i ndiaidh triail ínteach a bhaint as Pickwick nuair a bhí mé óg. Is dócha nár chríochnaigh mé riamh aon leabhar leis ach David Copperfield, dála an scéil.

Thrácht mé ar The Lion and the Unicorn. Is cuimhneach liom gur foscal súl a bhí ann ar go leor bealtaí. Ins an leabhar sin, d'fhéach Orwell leis an choimeádachas náisiúnaíoch agus an Sóisialachas dá dhéantús féin a cheangal dá chéile, agus d'éirigh sé leis measartha maith. - Díol suntais é nach bhfuil an comhcheangal sin ró-neamhghnách i measc na náisiúntóirí Éireannacha ach an oiread. - Nuair a thoisigh an Darna Cogadh Domhanda, rinne Orwell scrúdú coinsiasa agus shocraigh sé leis go rabh sé le buille a bhualadh ar mhaithe le Sasana agus in éadan Hitler, dá ligtí dó é. An cur síos a thug sé ar fhorbairt a chuid smaointí go gairid roimh an chogadh, chuidigh sé liomsa, go fadtéarmach ar a laghad, meon míleatachais mo mhuintire féin a thuigbheáil.

Nó nuair a bhí mé óg, agus rogha na bhfear óg ag diúltú ghoil ins na saighdiúirí - is gá a chur in iúl don léitheoir anseo go bhfuil an coinscríobh (nó an t-óglachas éigeantach, nó an phreasáil) in úsáid ins an Fhionlainn ins an lá atá inniu ann, gan trácht ar na hochtóidí - bhí sé deacair, agus suim agat i rudaí eile seachas ólachán agus haca oighir (bhail, bhí Varkaus ar an fhíorbheagán áiteanna ina n-imrítear bandaí, nó iománaíocht oighir, in ionad haca oighir ar scoil, ach tuigeann sibh an rud a bhfuil mé ag tagairt dó), a shamhailt go bhféadfadh aon duine a bheith ag tacú leis an óglachas éigeantach gan a bheith ina dheargamadán. Na daoiní stuama féin, a thúisce is a thráchtfá ar chúrsaí an fhiannais leofa, chuaigh an diabhal iontu agus iad ag ligint a rachta. Sílim nárbh é an síochánachas ba chúis leis an dóigh ar éirigh sé faisiúnta thiar ins na hochtóidí gan a ghoil ins na saighdiúirí, ach an samhnas a chuirfeadh a leathbhreac de mhire mhíréasúnta ar aon duine stuama.

Sunday, December 25, 2005

An Nollaig

Tá mé ag caitheamh na Nollag anseo i Vaasa faoi láthair, an áit a bhfuil cónaí ar mo chailín. Bhí an-sult agam aithne a fháil ar a tuistí agus ar an triúr deirféarach sin aici. Ní rabh ach triúr acu ann ins an deireadh thiar thall - Éilís, Eibhlín, agus Áine, más ceadmhach dom iad a athbhaisteadh as Gaeilge. Máire atá ar mo ghirseach féin as Gaeilge, ar ndóigh. Ba mhór an t-ábhar gáirí ag an iomlán acu riamh nach rabh guthán siúil agam, agus anois, cheannaigh siad ceann domh. Mar sin, is féidir mé a shroicheachtáil an bealach sin, fá dheoidh. Tá súil agam gur athrú i dtreo an fheabhais é sin.

Tuesday, December 06, 2005

Turgnamh

Bainfidh mé triail as Blogs Ireland fosta.

Saturday, December 03, 2005

Níl mé marbh, siúd is go bhfuil boladh aistíoch asam

Bhail, dealraíonn sé gur mithid domh cupla focal a chur in aice le chéile aríst, le go mbeadh a fhios agaibh nach bhfuil mé ar shlí na fírinne go fóill. Dáiríribh, is beag am a fágadh agam agus mé ag múineadh Gaeilge do na ranganna oíche i mbreis ar mo jab laethúil - is eadh, fuair mé a leithéid de phost, agus bhí d'áiméar agam an cúrsa a chur i dtoll le chéile mar ab fhearr liom féin. Ar ndóighe, ní rabh mé i mo mhúinteoir teangacha riamh roimhe seo, siúd is go bhfuil an obair i mo dhúchas, nó chaith mo mháthair a saol oibre ina múinteoir Béarla, Sualainnise agus Gearmáinise. Ní rabh mé thar cionn mar mhúinteoir, is baol liom, ach ón taobh eile, d'fhan an dornán ba stobarnáilte acu ag foghlaim na teanga go bun an angair, agus sílim gur éirigh liom cailín amháin, ar a laghad, a chur ar bhealach na foghlama feasta. Go bhfios domh, is mac léinn béaloidis í, rud a fháganns go mb'fhéidir daoithi leas áithrid proifisiúnta a bhaint as an Ghaeilge. Agus ar ndóighe, ba spreagadh é seo leis an téacsleabhar Gaeilge a sceitseáil atá mar aisling agam le fada. Tá mé suite siúráilte de go mbeinn in ann téacsleabhar a scríobh a chuirfeadh an teanga i mbéal uasail agus ísil ach an t-am a bheith agam, agus an gustal a bheith ionam. B'fhéidir gur cuireadh an chéad síol leis an obair sin. Le cuidiú Dé beidh an lá liom.

Tá mé i gcónaí ag cur le Ciclipéid na hOllchruinne, gidh gur thoisigh mé fosta a scríobh altanna do Vicipéid na Gaeilge. Is iad an dá alt dheireanacha i mo chiclipéid féin ná Iapetus agus Hyperion. Is é Iapetus an ghealach de chuid Shatarn ar ar shuigh Art Ó Cléirigh - Arthur C. Clarke atá mé a mhaíomh, ar ndóighe! - 2001: A Space Odyssey, is é sin, an leabhar faoin teideal sin. Na himeachtaí a thit amach ar Iapetus ins an leabhar, áfach, bhí siad suite in áit ínteacht eile ar scannán Kubrick, agus nuair a chuir Clarke ruball leis an chéad scéal, mar atá, 2010: Odyssey Two, bhunaigh sé ar an scannán é, seachas ar an leabhar a tháinig roimhe. Le fírinne, bhí bunús ní ba sine ná sin leis an scannán, mar atá, an gearrscéal The Sentinel. Dá gcuirfinn Gaeilge ar an scéal - agus le fírinne tá gearrscéal amháin le Clarke aistrithe go Gaeilge agam cheana féin, siúd is nach bhfuil an t-aistriúchán foilsithe, ná in aon ghaobhair do bheith foilsithe, mo léan géar - is dócha go dtabharfainn An Fairtheoir ar an scéal (agus is dócha go bhfuil ciall ínteacht agam don teanga, ós rud é go rabh an focal céadna ag Tomás de Bhaldraithe mar Ghaeilge ar "sentinel"). Mar is féidir a léamh ar leathanaigh réalteolaíochta David Darling, chuaigh an gearrscéal seo an oiread sin i bhfeidhm ar na saineolaithe féin is gur téarma teicniúil dá gcuid féin é the sentinel hypothesis, hipitéis an fhairtheora - is é sin, an smaointiú go bhféadfadh sibhialtacht osdaonna ón spás uathoibreán a fhágáilt mar fhairtheoir le forbairt theicneolaíoch an Domhain agus a mhuintire a choinneáil faoi mhonatóireacht. Siúd is gur baineadh cuid mhaith drámatúlachta as an "hipitéis" seo ins an fhicsean eolaíochta go nuige seo, is follasach nach dtáinig na saineolaithe féin trasna ar aon fhairtheoir den chineál sin go fóill.

Ina dhiaidh sin féin, ní de thaisme a shuigh Clarke an fairtheoir - an chloch mhór dhubh - ar dhroim Iapetus thar aon rinn neimhe eile. Níl mórán téagair ann mar ghealach, nó níl aon ghealach de chuid Shatarn rómhór, ach amháin an ceann is mó acu, Tiotán, a bhí go mór mór i mbéal an phobail le déanaí, nuair a chaith an spástaiscéalaí udaí Cassini-Huygens an chéad spléachadh ceart ceamara air. Is é an rud atá as an ghnáth fá Iapetus ná go bhfuil taobh amháin de i bhfad níos gile ná an taobh eile - nó, mar a déarfadh an saineolaí, ní hionann ailbéideacht an dá thaobh. Tá éagsúlacht ailbéideachta den chineál chéadna ag roinnt le cupla gealach eile de chuid Shatarn, ach níl sí comh láidir sin acu. Agus an chuma seort mínádúrtha seo ar Iapetus, cuireann sé draíocht nó fiú míchompord ar go leor saineolaithe féin.

Mhairfinn an chuid eile de mo shaol ag trácht ar an tionchar a bhí ag Clarke orm agus mé i mo pháiste, ach tá nuaíocht eile le reic agam go fóill. Is amhlaidh gur fháiltigh fear comh huasal le hAmbasadóir na hÉireann chuige mé, mí ó shin. Fuair mé gan choinne ar bith ríomhphost ó rúnaí an Ambasadóra, agus í ag fiosrú díom, an mbeinn sásta glacadh le cuireadh an Ambasadóra agus séire a chaitheamh leis, an lá a thiocfadh a Shoilse go Turku (nó Túrcú, mar a litrítear ainm na cathrach seo ar Vicipéid na Gaeilge). Bhail, fágadh ar bharr amháin creatha mé leis na sceitimíní, ach nuair a tháinig mé i bhfianaise an Ambasadóra féin, ní rabh aon údar eagla ann ar aon nós.

Wednesday, November 02, 2005

An Garda Bansíochána (dán Gaeilge a scríobh mé cupla bliain ó shin)

Fainic, a bhuachaill!
Féach chugat í, cailín deas dathúil ag cur forráin ort:
Do d’adhradh atá sí, a deir sí, fear chomh miorúilteach leat!
Is mór an díol iontais a leithéid duit, níl muinín agat aisti.
Ach seo chugainn í arís, agus an port céanna aici.
Ar mhiste leat dháiríre í a chreidiúint?
Lá i ndiaidh lae a thiocfaidh sí ag iarraidh
An dea-scéala céanna a áitiú ort
Agus ós fear aonair thú, ní bheidh a diúltú ionat
I ndeireadh na dála.

Tabharfaidh tú taithneamh di, agus ós fear misniúil tú
Ní bheidh moill ort do chion a admháil léi.
Nach é sin an deireadh is dual don scéal grá?

Ná bí ag brionglóidí, a amadán!
Ní bhfaighfidh tú uaithi ach dúdóg
Agus í ag scréachadh leat:
”Nach mór an t-uabhar!
Bainfidh mé mo shásamh asat!”

Téigh abhaile leat, a bhuachaill bhocht,
Má bhíonn a dhath fágtha agat.
Gheobhaidh tú romhat do mhuintir
Agus iad préachta conáilte amuigh
Os comhair an tí dhóite:

”Spré ort, a bhuachaill,
Tá deireadh an tsaoil ann anois!”

Agus má chaitheann tú súil i do thimpeall
Cuirfidh tú sonrú sna fógráin:
Do phictiúr féin le feiceáil gach taobh
Agus na focail ag dul leis:

”Ciontóir mór de dhíobháil
Ar an nGarda Bansíochána:
Nár dhána an ceann a bhí aige
Titim i ngrá le bean óg!”