An Garda Bansíochána (dán Gaeilge a scríobh mé cupla bliain ó shin)
Fainic, a bhuachaill!
Féach chugat í, cailín deas dathúil ag cur forráin ort:
Do d’adhradh atá sí, a deir sí, fear chomh miorúilteach leat!
Is mór an díol iontais a leithéid duit, níl muinín agat aisti.
Ach seo chugainn í arís, agus an port céanna aici.
Ar mhiste leat dháiríre í a chreidiúint?
Lá i ndiaidh lae a thiocfaidh sí ag iarraidh
An dea-scéala céanna a áitiú ort
Agus ós fear aonair thú, ní bheidh a diúltú ionat
I ndeireadh na dála.
Tabharfaidh tú taithneamh di, agus ós fear misniúil tú
Ní bheidh moill ort do chion a admháil léi.
Nach é sin an deireadh is dual don scéal grá?
Ná bí ag brionglóidí, a amadán!
Ní bhfaighfidh tú uaithi ach dúdóg
Agus í ag scréachadh leat:
”Nach mór an t-uabhar!
Bainfidh mé mo shásamh asat!”
Téigh abhaile leat, a bhuachaill bhocht,
Má bhíonn a dhath fágtha agat.
Gheobhaidh tú romhat do mhuintir
Agus iad préachta conáilte amuigh
Os comhair an tí dhóite:
”Spré ort, a bhuachaill,
Tá deireadh an tsaoil ann anois!”
Agus má chaitheann tú súil i do thimpeall
Cuirfidh tú sonrú sna fógráin:
Do phictiúr féin le feiceáil gach taobh
Agus na focail ag dul leis:
”Ciontóir mór de dhíobháil
Ar an nGarda Bansíochána:
Nár dhána an ceann a bhí aige
Titim i ngrá le bean óg!”
2 NótaÃ:
Is trua nár imigh léi go Tír na nÓg le tamall beag.
Is maith liom an imirt focal 'garda bansíochána.'
Cuirimid iasachtaí ó 250,000.00 go 250,000,000.00. Max, ní mór dúinn a iontaofa, éifeachtach, go tapa agus dinimiciúil, gan aon seiceáil creidmheasa agus a ráthú 100% iasachtaí coigríche.
Agus is é táillí ar ár n-iarratas ach an suim an ráta malairte (250 USD) Is 3% na n-iasachtaí iomlán, má tá suim agat a fháil ar ais chugainn trí tú. reekadorosey07@gmail.com
Go raibh maith agat,
Rosie Reekado
Post a Comment
<< Abhaile