Dá mBeadh James Tiberius Kirk ina Ghaeilgeoir
Cha rabh ann ach gnáthlá, agus an bhirling fairtheoireachta udaí Cú Chulainn ag coinneáil súil ar imeall ghrianchóras na hAthÉireann, taobh amuigh d'fhithis an ghásphláinéid a dtugann bunadh na hAthÉireann Goll Mac Mórna air. Bhí na píolótaí ag diomailt a gcuid ama thíos ina gcuibhreann féin, cuid acu ag léamh, cuid acu ag bualadh liathróide, cuid acu ag imirt fichille leictrí nó cluichí eile cosúil léithi, ach d'aithneofá ar an áit ar fad, agus an t-atmaisféar a bhí ansin, ná go rabh na fir is na mná seo tinn tuirseach, bréan breoite, dubh dóite dóthaineach de ghnáthaimh a shaoil i gcríocha ciúine cúil seo an spáis mar ab aithnid dá muintir é ó thuirling spásbhád na nGael ar AthÉirinn an chéad uair, ar chósta thoir theas Ilchríoch Úr-Uladh, an áit a bhfuil Cathair na Cúnsóige inniu.
B'é an chuid ba suimiúla dá gcuid oibre ná toirpéid phlasmacha a phléascadh i measc na ndreigí, le spéir ghlan a chinntiú dá bpláinéad dúchais. Ach an rabh aon rud ba chinniúnaí ná sin i ndán dófa ar aon nós? Bhí an chuid is mó de na saineolaithe féin in éis deireadh súile a bhaint den teagmháil le neacha intleachtúla eachtardhomhanda, agus cha rabh mórán de na cóilínithe daonna féin ag siúl an spáis ar na saoltaibh seo. Nuair nach rabh muintir na hAthÉireann ach ag míntíriú a bpláinéid, agus an treas líne dhúchasach acu ag fás aníos, nocht dornán spásbhádaí ar imeall an ghrianchórais, ach bhí an chuid ba mhó acu beagnach bánaithe, agus an dé dheireanach beatha imithe as cuid mhór acu siúd a bhí in ainm a bheith ina dtromshuan i rúmaí stórais na soithí seo ag feitheamh le teacht an lae úir. An dream beag a bhí fágtha beo, siúd is go rabh siad dall ar an Ghaeilge ar tús, bhí siad sásta a foghlaim agus, an chuid acu a bhí inphósta, cleamhnas a lorg i measc na nGael. An teangaidh aistíoch a bhí á labhairt acu, ba bheag eolas a bhí ag na daoiní uirthi inniu, ach amháin gurb é an t-ainm a bhí acu féin uirthi ná Innlis. Bhí lucht na teangeolaíochta den dianbharúil gurb í an Innlis seo an Teangaidh Thoirmiscthe a rabh an oiread sin scríofa fá dtaobh daoithi ins na seanleabhartha, ach is fánach duine a bhéarfadh creidiúint don chaint sin. In éis an tsaoil, b'é an chliú a bhí ar lucht labhartha na Teangtha Toirmiscthe ná gurb iadsan naimhde bunaidh na nGael agus dímheas acu ar ár muintir. Na stadhnóirí bochta a tháinig ar bhord na Soithí Bána, cha rabh iontu ach dídeanaithe agus iad buíoch beannachtach leis na Gaeil a bhí sásta fáras a thairiscint dófa.
Anois, áfach, tháinig comhartha aláraim, agus chaith na píolótaí go léir a gcuid caitheamh aimsire uathu le cluais éisteachta a chur orthu féin.
"Gach píolóta isteach ins an tseomra ceannasaíochta!" a scairt guth meicniúil an ríomhaire, agus abhae le gach aon duine de na píolótaí ag déanamh i dtreo an tseomra leis na horduithe a chluinstint.
Nuair a shnámh na píolótaí fríd an aerghlas isteach ins an tseomra ceannasaíochta, bhí an Caiftín Maolmhaodhóg Mac Giolla Pádraig rompu ina phearsa mhórluachach féin, agus gnúis thar a bheith dáiríre ar a cheannaightheacha. Bhí an chuma ar an scéal go rabh rud éigin as an ghnáth go hiomlán i ndiaidh titim amach. Cha rabh gíog ná míog as na píolótaí agus iad ag fáil greama ar na rálacha in aice leis na fraitheacha le fanúint socair le linn an chruinnithe.
"Anois", arsan Caiftín, "tháinig lá nach bhfaca ár nglúin a leithéid riamh. Fuair muid amas radair ar réad ins an spás nach bhfuil nádúrtha, ná síniú ár muintire air. Dealraíonn sé gur teagmháil é seo le cine eile, agus níl a fhios ag aon duine againn go fóill cé acu dream daonna eile atá ann, nó - neacha eachtardhomhanda de chineál eile."
Chuir focail an Chaiftín creathnú fríd a rabh ag éisteacht. Is é an rud a rabh súil acu leis ná go rabh spáslong thráchta de chineál ínteacht ar strae nó in éigeandáil, agus go gcaithfí a dhul chun tarrthála. An scéala seo, áfach, sháraigh sé rud ar bith a rithfeadh leat. An rabh teagmháil na mílaoise ar na bacáin, an teagmháil a rabh an cine daonna ag feitheamh léithi ó laetha leathmhiotasúla na tréimhse réamhspáis anuas?
0 NótaÃ:
Post a Comment
<< Abhaile