Monday, April 18, 2005

Adhaltranas, pótaireacht, agus na páistí

Siúd is gur duine acu mise a dtugtar liobrálaigh chroíloiscthe orthu i dtír dhúchais na saoirse is an ghuma choganta thiar ins an Oileán Úr, tá mé cineál tuirseach den dóigh a mbíonn daoiní de mo sheort féin ag caitheamh anuas ar Eoin Pól bhocht, nach maireann. Aontaím leofa go bhféadfadh an Eaglais Chaitliceach a thuigbheáilt comh hamaideach agus atá sé cogadh a chur ar an choiscín ins na tíortha bochta, nó chan fhuil dul timpeall air go bhfuil an diabhal cochall riachtanach leis na daoiní a choinneáil beo a fhad is gur féidir iad a chur ar bhealach a leasa ó thaobh an chreidimh de. Dá dtabharfadh an Eaglais athbhreithiúnas ar an cheist seo, bheadh a chead ag na sagairt i gcónaí, agus sin faoi chroí mhór mhaith uaim féin, na daoiní a lochtú agus tromaíocht a dhéanamh orthu fá rudaí cosúil le hadhaltranas na ndaoiní pósta agus an dúil nimhe ins an phornagrafaíocht. Déarfainn go bhfuil a leithéid de pheacaí i bhfad níos coitianta ná homaighnéasachas, cuir i gcás, nó an ginmhilleadh féin. I bhfianaise an oiread cáineadh is a ghní an Eaglais ar na feileacáin agus ar na ginmhillteoirí, shílfeá nach bhfuil i bpeacaí lucht an ghnáthadhaltranais ach caitheamh dairteacha. Ach, le fírinne, caithfidh mé a rádh gurb iad na cásanna adhaltranais is mó a chuireanns as do na páistí, an dóigh a bhfeallann daoiní pósta, chan amháin ar a chéile, ach ar a gclann thar aon duine eile.

Is cuimhin liom cailín óg a rabh aithne agam uirthi cupla bliain ó shin. Aidmhím go rabh mé dúnta i ngrádh léithi, ach ós rud é go rabh sise ocht mbliana déag d'aois, agus mise thar an tríocha cheana féin, bhí mé sásta gan a bheith ag iarraidh an coimeadar a chur uirthi. (B'fhéidir go mb'fhearr domh triail a bhaint as mar sin féin, nó ba deas an t-ábhar mná céile a bhí inti.) Nuair a bhí caidreamh againn le chéile - caidreamh geanmnaí go hiomlán, faraoir géar - bhí máthair na girsí boichte díreach ag saothrú an bháis, agus í ag fuilstint go mór mór, í féin, ag feiceáilt a céadéaga siúd. Bhí a tuistí sách trom ar an ólachán, agus í i ndiaidh cuid mhór dá hóige a chaitheamh ina hairíoch tí, nuair a bhí siadsan ar na deargstárthaí. Cha samhlófá a mhalairt le clann na ndruncaeirí, leoga.

Scéal amháin thar aon rud eile dár chuala mé uaithi a chuaigh go mór mór i bhfeidhm orm. D'inis sí domh fán bhuaireamh is fán oibriú intinne a thigeadh uirthi nuair a chluineadh sí a tuistí ag teacht chun an bhaile i dtús na saoire samhraidh, agus na buidéil ag clingeáil in éadan a chéile. Nó ba chomhartha é go rabh Maim agus Daid ag dul a dh'ól, agus na páistí á bhfágáil i leataobh nuair a bhí siad ar meisce, ar ndóighe. Bhain an méid seo an-stangadh asam féin, nó nuair a thigeadh m'athair mór chun an bhaile agus na buidéil ag clingeáil ina mhála féin, ba dea-scéala é gach aon uair, nó deochanna neamh-mheisciúla do na páistí a bhí i gceist - gan oiread is aon eisceacht amháin, más buan mo chuimhne. Is iomaí deoir a d'éalaigh orm ó shin agus mé ag smaointiú ar an scéal seo.

Bhí an scéal ní ba mheasa fós, áfach. Nuair a casadh ar a chéile sinn an chéad uair, bhí an ghirseach díreach ag feiceáilt a máthara ag foghlaim an bháis. I ndiaidh an oiread sin toitíní agus meisce, bhí an mháthair ag éileamh le hailse dholeigheasta - athiompáil a bhí ann fán am sin, nó bhí sí i ndiaidh seort bisigh a fháil cheana féin i ndiaidh an chéad bhabhta, agus na gunnaí móra radaíochta dírithe ar an chnoc ailse, ach ansin tháinig an drochrud uirthi an darna huair, agus cha rabh teacht slán as ag an mhnaoi bhoicht a thuilleadh - agus í ag feitheamh leis an bhás ins an bhaile. Chonaic Dia an cailín agus í ag iarraidh seort grá a thabhairt dá máthair, i ndiaidh an oiread sin cruatáin a dteachaigh sí fríd de dheasca na neamhshuime a rinne na tuistí daoithi agus iad ag muirniú an bhuidéil. Máthair agus tuiste a bhí inti i ndiaidh an iomláin, dona is uilig mar a d'éirigh an obair sin léithi, agus an ghirseach ag féacháilt le haire de chineál ínteacht a thabhairt daoithi, le bheith dílis dá máthair ar dhóigh ínteacht.

Nuair a bhí máthair Marika (sin é an t-ainm atá ar an chailín) ar shlí na fírinne, tháinig an chéad tubaiste eile. Is é sin, b'anois a nocht a hathair daoithi go rabh sé ag suirí le mnaoi eile seachas a máthair-se le cupla bliain anuas, díreach nuair a thoisigh an chuma a theacht ar an scéal go mb'é an t-imeacht gan pilleadh é. Siúd is nach rabh a caidreamh lena máthair róchroíúil riamh, bhí sé de dhíobháil uirthi ar a laghad an seachmall a chur uirthi féin go rabh a leithéid de rud aici agus baile, áit de chuid a muintire féin. Cha rabh, áfach. Nó má bhí léaró dóchais ar bith fágtha inti go mbeadh sé indéanta a leithéid d'áit a bheith aici i ndiaidh bhás a máthara, thréig an dóchas sin í ar an toirt. Suarach is uile mar a bhí an pósadh agus an dóigh a bhí ag na tuistí ar a gclann, bhí a fhios ag an ghirseach ó dhúchas - go hinstinneach - céard is dea-theaghlach ann. Ba mhian léithi go dteánfadh a hathair iarracht, i ndiaidh bhás a mhná céile ar a laghad, rud ínteacht cosúil le saol teaghlaigh agus tinteáin a sholáthar dá chlann. A mhalairt a thiontaigh amach a bheith fíor, áfach. Anois, agus cead suirí aige go poiblí, rinne an fear neamhshuim ar fad de Marika agus den teaghlach go léir, agus tháinig scabadh ar an líon tí, nuair a tharraing gach aon duine acu ar mhalairt áite - ag bogadh isteach chuig an ghrá gheal, sin nó ag dul ar lorg áit staidéir. Bhí deireadh go deo leis an tinteán. Cha rabh de dhíth go bunúsach ach é a theacht chun tsolais lena mhnaoi úir - agus d'éalaigh na páistí uaidh.

Santaíonn na páistí líon tí iomlán. Santaíonn na páistí beirt tuistí a bheith ag tabhairt aire dófa. Chan fhuilim a rádh nach bhféadfadh dís ban an obair a dhéanamh go gleoite fosta, ach mar sin féin, is cuid thábhachtach é den scéal go bhfanfadh na tuistí, nó na daoiní a ghní cúis na dtuistí, le chéile go sona sásta fonnmhar go dtí go mbeadh an chlann tugtha i gcrann acu. Ba chóir don lánúin dílseacht ínteacht a choinneáil dá chéile, go mothóchadh an chlann nach bhfuil an tóin ag titim as a saol. Ar a laghad, ba chóir an cineál sin mí-ionraicis a sheachaint a d'fhág a leithéid d'olc ar Marika.

0 Nótaí:

Post a Comment

<< Abhaile