Teagasc na Gaeilge: Amaidí Amach is Amach, nó Loitiméireacht Lom?
Fuair muid an chéad tuarascáil ón Choimisinéir Teanga le déanaí, agus siúd is nach bhfuil cónaí orm in Éirinn, caithfidh mé a rádh nach dtáinig drochscéala an teagaisc Ghaeilge aniar aduaidh orm ar aon dóigh, mo léan géar. Ar a laghad, an t-aon dalta meánscoile amháin a bhfuil aithne phearsanta agam uirthi in Éirinn, mar urraí (nó mar chineál uchtathair baiste b'fhéidir), is iomaí scéal uafáis den chineál chéadna a chuala mé uaithise i dtaobh an bhail atá ar theagasc na teanga ina scoilse. Go bunúsach, siúd is go bhfuil modhanna nua-aimseartha teagaisc i ngnáthúsáid leis na teangacha eile a fhoghlaim, cha dteachaigh an Ghaeilge riamh thar an tseanmhodh, is é sin, Peig (nó rud ínteacht eile den chineál chéadna) a bheith á léamh (mar dhea) agus an liosta focal mar áis in aice leis an leabhar. Is follasach agus is rófhollasach goidé is toradh don chur i gcéill seo: mar a dúirt mo chara óg, bíonn comhrádh Gearmáinise agus Fraincise ar a dtoil ag cailíní scoile nach bhfuil in ann abairt iomlán a chur i dtoll le chéile i dteanga a sinsear. Níl ciall ar bith ag na cailíní do bhriathra neamhrialta na Gaeilge, ach tá siad in ann coincheapa i bhfad níos deacra i ngramadach an dá theanga eile a láimhseáil go réidh.
Déanta na fírinne, más é seo an chaoi atá ar theagasc na Gaeilge i scoltacha na hÉireann - agus is é is impleacht do thuarascáil an Choimisinéara gurb amhlaidh atá - níl sé as cosán a rádh go bhfuil sabaitéireacht lom á himirt ar an Ghaeilge ag meaisín an mhurdair i gcónaí. Níl an Ghaeilge puinn níos deacra ná cibé teanga Eorpach a rithfeadh leat a roghnú. Má chuirtear modhanna comhaimseartha teagaisc i bhfeidhm ar an Ghaeilge, ní chreidim go mbeidh aon dalta, iad siúd ins an áireamh nach bhfuil "féith na dteangacha" iontu (más ann dá leithéid de rud ar aon nós), i bhfad ag tógáil uraiceacht na teanga labhartha. Tá a fhios ag madraí an bhaile, fosta, go bhfuil formhór mór mhuintir na hÉireann i bhfách le hathbheochan na Gaeilge. Is gnách linn, mar lucht athbheochana, fimínteacht, béalchrábhadh agus cur i gcéill a thabhairt ar an dáimh neamhghníomhach seo, ach níl mé féin cinnte an bhfuil muid i dteideal bheith comh ciniciúil sin, i ndiaidh an iomláin. Más fíor nach bhfuil ann ach fimínteacht, is díol suntais é go mbacann na daoiní leis an fhimínteacht féin. Dá mbeadh an teanga á teagasc agus á cur chun cinn go cliste, sílim go bhféadfadh an fhíor-dhúthracht a theacht i leaba na fimínteachta féin, i bhfianaise na dtorthaí. Leamh is uile agus atá luiteamas na nGael leis an teanga, is dúshraith í an dáimh phatuar féin a bhféadfaí go leor a thógáil uirthi, dá mbeadh ionainn, mar lucht cúise, an leas ceart a bhaint aisti. Le fírinne, agus an dúshraith seo ann, thiocfadh a rádh go bhfuil scoltacha na hÉireann ag iarraidh an teanga a choinneáil forimeallaithe, agus an chuma ar na cúrsaí, beagnach, gur loitiméireacht d'aonturas atá ar cois acu.
Is leasc liom an locht a fhágáilt ar an aos teagaisc - tá mé suite siúráilte go bhfuil na múinteoirí ag déanamh a ndichill faoi na himthoscaí atá ann. Ón taobh eile de, is é mo thaithí féin go bhfuil gach cineál áiseanna nua-aimseartha teagaisc ar fáil do mo leithéidí - eachtrannaigh atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim as ár stuaim féin, agus muid sásta ár gcianóg rua a íoc ar a shon. (Agus is dócha nach miste domh a rádh, anseo, nár fhág praghasanna na leabhartha, na n-áiseanna closamhairc ná na ngléas teagaisc eile riamh ar an bhlár fholamh mé, fiú nuair a bhí mé i mo mhac léinn bheo bhocht. Bhí praghas i bhfad ní b'airde ar chuid mhaith teangacha eile dár fhoghlaim mé.) Cén fáth nach mbaintear leas as na háiseanna seo i dteagasc scoile na Gaeilge? Dáiríribh, is beag míniú eile a ritheanns liom ná go bhfuiltear d'aonturas á gcoinneáil as aice láimhe na scoláirí is na múinteoirí araon.
Nuair a tháinig tuarascáil an Choimisinéara amach an chéad uair, foilsíodh litir ó Éanna Mac Cuinneagáin (fear de bhunadh Thír Chonaill a thabhaigh a chliú i gceann an tsiopa leabhar udaí Cathach Books i mBaile Átha Cliath) a mhol go gcuirfí ar a súile do na daltaí na hiarsmaí Gaeilge a mhaireanns i dtimpeallacht a saoil féin, na logainmneacha ach go háithrid. Ar an phointe seo, aontaím go huile is go hiomlán le hÉanna. Bíonn muintir óga na hÉireann sách dall ar an chultúr a théid leis an Ghaeilge, ach is é m'eispéireas féin ná go bhfuil sé iontu aisfhreagra thar a bheith díograiseach a thabhairt, má úsáidtear spreagadh den chineál cheart. Mo chara óg thuasluaite, chuir sí an-suim ins an úrscéal udaí "Brídín" le Colm Ó Ceallaigh a phronn mé uirthi an Nollaig seo caite. Ar ndóighe, is scéal dúisitheach eachtraíochta é "Brídín", ach bhí cúis eile ann: dúirt mo chara liom gur "saoltaithí Éireannach" a bhí i gceist, agus í, dá réir sin, in ann a comhionannú a dhéanamh leis an laoch. Is é éirim an scéil seo, ar ndóighe, nach bhfuil "saoltaithí Éireannach" i gceist le cuid mhaith dá gcuirtear á léamh ag na páistí scoile, mar "dhea-Bhéarla". Thairis sin, níl sé as an ghnáth go bhfuil blas an chiníochais fhrith-Éireannaigh air. An chuid is forásaí de scríbhneoirí clasaiceacha na Sasana, is dual dófa col agus snomh a ghlacadh le hÉirinn, fiú dearcadh ciníoch a bheith acu ar an Ghael, i bhfianaise na cuma atá ar stair an chaidrimh eadar muintir an dá oileán.
Ar ndóighe, is fiú an cheist a chur, nach mb'fhearr litríocht Bhéarla na hÉireann a léamh mar chur síos ar an tsaoltaithí Éireannach - John McGahern nó Roddy Doyle, cuir i gcás. Dealraíonn sé, áfach, gurb é polasaí oifigiúil na teanga Béarla in Éirinn ná leaganacha níos "lárnaí" nó níos clasaicí den teanga a chur chun cinn mar dhea-phatrún do na scoláirí, seachas caighdeán ar leith a chur ar bun d'Éirinn a bhéarfadh an t-aitheantas cuí do chaint na ndaoine ins an tír féin. Is beag spás a fháganns an cur chuige seo do na scríbhneoirí dúchasacha Béarla, agus súil anuas ag na hoideachasóirí ar a bhfriotal, nach bhfuil ann ach drochshampla do na páistí.
Is dócha go bhfuil an locht céadna ar an teagasc litríochta eadar Bhéarla agus Ghaeilge i scoil na hÉireann: glactar leis an litríocht mar áis teagaisc theanga, seachas mar chuspóir inti féin. Ba chóir go mbeadh an teanga ag na daltaí leis an litríocht a léamh, ach níl sé róchiallmhar an litríocht a chur os a gcoinne le go bhfoghlaimeochaidíst an teanga.
0 NótaÃ:
Post a Comment
<< Abhaile