Sunday, May 15, 2005

Cogadh na Réaltaí

Rinne an tImeallach trácht ínteacht ar an scannán is úire as ceárta George Lucas. Siúd is go rabh seal ann i mo shaol agus dúil nimhe agam ins an cheoldráma spáis - agus go bhfuil seal eile den chineál sin ann fá láthair agus mé ag iarraidh Gaeilge a chur ar Foundation le hIsaac Asimov - ní fhaca mé ach cuid de na scannáin. Is é sin, ní fhaca mé ach an chéad tríológ, agus b'éigean domh fanúint leis an Cháisc seo caite leis an Phantom Menace a fheiceail, nó chaith mé an chuid ab fhearr de sheachtain na Cásca i dtigh mo chailín, thuaidh in Vaasa, agus an scannán sin ar an teilí ansin. (Níl teilifíseán de mo chuid féin agam anseo i dTurku.)

Is é an locht ba mhó a fuair na criticeoirí anseo, chomh maith le mo chuid carad féin, ar an darna tríológ i gcomparáid leis an chéad cheann, ná go rabh atmaisféar an chéad scannáin curtha ó mhaith go hiomlán. Is é an rud a bhí speisialta i gCogadh na Réaltaí ar tús ná an chuma úsáidte, smolchaite a bhí ar na rudaí, is é sin, blas an fhíorshaoil - in áit a bheith ag déanamh ról na todhchaí inár saol féin, saol ann féin a bhí i saol an chéad scannáin den tsraith. Bíonn blas na bréige ar chuid mhór de na scannáin fhicseaneolaíochtúla comh glan lonrach is a bíos an feistiú stáitse, rud a bhaineanns go mór mór de chraiceann na hinchreidteachta. Siúd is nach bhfuil i gceist ach siamsaíocht lom, bheadh sé comh maith ag lucht na scannánaíochta jab maith a dhéanamh daoithi. Agus is é an rud a thabhaigh a chliú don chéad scannán spáis le Lucas riamh ná go rabh dusta agus deannach agus salachar ar na rudaí, i gcruth is go sílfeá gur earraí gnáthúsáide a bhí ann, seachas cuid de ghléasadh bréige an scannáin. Thar aon rud eile, is cuimhin liom an t-aerghluaisteán a bhí Luke Skywalker a thiomáint nuair a rinne sé an chéad iontráil ar an stáitse riamh. An déanamh a bhí ar an ghléas taistil áithrid sin, bhí sé ag cur i gcuimhne gluaisteáin (talaimh!) na laetha a bhí ann go gairid roimh mo bhreith féin, na cinn mhóra Mheiriceánacha ach go háithrid. An té a chonaic an gliogramán sin, ba léir dó ó thús go rabh stair dá chuid féin ag an domhan, nó ag an ollchruinne, ina rabh cónaí ar Luke Skywalker.

Thairis sin, siúd is nach rabh ins an vúcaí udaí Chewbacca ach deideighe mór, bhí cuid de na neachanna eachtardhomhanda sách inchreidte ins an chéad scannán. Chuirfeadh Jabba the Hutt (nó "an Hutt Jabba" as Gaeilge, is dócha, óir is dóigh liom gurb é a chineál de neacha eachtardhomhanda a bhí i gceist leis an fhocal sin Hutt ag Lucas) eadar eagla agus samhnas ort, agus tú i do bhuachaill deich mbliana ag amharc ar an scannán. (Tá mé ag labhairt ar an bhunleagan, ar ndóighe. Ba mhór an t-ábhar aiféaltais do Lucas an t-athchóiriú a rinne sé ar an chéad shraith le maisíocht na tríú mílaoise.) D'imigh sin agus tháinig Jar Jar Binks. Dá bhfeicinn leithéid Jar Jar Binks ar an scáileán agus mé deich mbliana d'aois, d'fhágfainn an phioctúrlann ar an toirt agus rachainn a lorg mo chuid airgid ar ais. Ghlac an chéad Chogadh Réaltaí na páistí féin dáiríribh (is dócha gurb é sin an fáth nach rabh cead isteach ag páistí ní b'óige ná dhá bhliain déag i bpioctúrlanna Fionlannacha ina rabh an scannán sin ag imeacht, siúd is go dtearnadh neamhshuim den dianriail sin go forleathan) - thar aon rud eile, scéal eachtraíochta a bhí ann, seachas eachtra do pháistí, agus béim á cur air go rabh sé de chuspóir ag Lucas coincheap an eachtra buachaillí bó a chur in oiriúint do ré an fhicsin eolaíochta, smaoitiú a thaitin go mór mór le gach buachaill beag a bhí i ndiaidh a dhóthain ama a chaitheamh os cionn úrscéalta ficsin eolaíochta agus os coinne "Western na Míosa" ar an teilí. (Ba mhaith liom a fháil amach, an mbíonn an tsraith sin - "Kuukauden western" as Fionlainnis - ag imeacht ar an teilí i gcónaí. Nuair a bhí mé óg, bhíodh Teilifís a Dó, is é sin, an darna bealach teilifíse de chuid an chumhlachta náisiúnta craoltóireachta, ag taispeáint seanscannán Iarthair Fhiain i dtús gach míosa. )

1 Nótaí:

Ar 6/02/2005, Blogger Conn a dúirt...

Bhíos ábhairín ró-óg chun an chéad dá scannán a fheiscint nuair a eisíodh iad don chéad uair, a Phanu. Ach bhí The Empire Strikes Back eisithe le tamall nuair a bheartaigh an phictiúrlann áitiúil ar chlár dúbailte a chur ar fáil seachtain amháin - agus d'éirigh liom a chur ina luí ar mo thuismitheóirí mé a thabhairt ann. Faraoir ghéar, dhein lúdramán éigin sa phictiúrlann amach gurb amhlaidh gurb é Star Wars an scannán ba mhó cáil as an dá cheann, agus mar sin gur chóir é a thaispeáint mar an "príomh-scannán", 'sé sin: sa tarna áit, t'réis do Empire tús a chur le clár na h-oíche. Mar sin, chonac ar an oíche chéanna iad, san ord mícheart, agus níl sé maite fós agam dóibh!

 

Post a Comment

<< Abhaile