Monday, February 27, 2006

Na círéibí i mBaile Átha Cliath

Bhail, tháinig na hAontachtóirí go Baile Átha Cliath, agus tharraing siad brilsce agus bruíonachas ins na sálaí acu, rud nach mbeifeá ag súil lena mhalairt. Tá an Ginearál, a bhfuil ceartlitriú mo shloinne foghlamtha aige fá dheireadh, tá sé ag "guí na pláighe ar an dá theach", mar a deir sé féin, ach is dealraitheach go bhfuil níos mó dáimhe aige leis na Poblachtánaigh, i ndiaidh an iomláin. Tá sé inbharúla nach bhfuil cultúr ar bith ag na Prodasnaigh (creidim gurb é an leagan "Prodasnach" is bunús leis an fhocal Béarla "Prod"; tháinig mé ar "Prodasnach" i leabhar Leaslaoi Lúcáis fá dtaobh de Ghaeilge Ros Goill, agus mar sin, is dócha gurb é sin an leagan a bhí in Oirthear Uladh fad is a mhair an teangaidh beo breabhsánta thall ansin), agus siúd is nach n-aontaím leis ach ar éigean, is follasach go bhfuil sé chlaonadh ins an Phrodasnachas droim láimhe a thabhairt don chultúr.

Nuair a tháinig gluaiseacht na Muscailte - seo é an lomaistriúchán Gaeilge ar ainm na gluaiseachta athbheochana creidimh sin - chun saoil anseo, b'é an dearcadh a bhí acu ar an chultúr ná gur "nimh shofaisticiúil don anam" a bhí i gceist leis an fhilíocht, cuir i gcás. D'imigh sin agus tháinig seo, áfach, nó is beag aithne atá fágtha den fhrithchultúrachas sin ar an ghluaiseacht inniu. Nuair a bhí mé ag cur clabhsúir ar staidéar an Mháistir Ealaíon, tá deich mbliana ó shin, bhí baint ínteacht ag formhór mhór mo chuid carad ag an am sin le hiarsmaí na gluaiseachta sin, agus is ar éigean is féidir a theacht ar dhaoiní óga ní ba chultúrtha ná iad siúd.

Agus, ar ndóighe, an cailín a chuir críoch le m'uaigneas chosmach tá bliain go leith ó shin, bhí baint aicise le gluaiseacht na Muscailte fosta - agus an gcreidfeadh sibh go mbeinn sásta cumann grádha a chur ar bun le girsigh a bheadh ar beagán léinn? Déanta na fírinne, is í an tsaint i bhfoghlaim na dteangthacha a thug le chéile sinn, agus d'éirigh liom fiú an chéad chupla focal Gaeilge a mhúineadh do ghrádh mo chroí. Is é sin, an frithchultúrachas sin is dual do chineálacha áithrid Prodasnachais, cha dtógann sé ach a sheal féin, agus ba chóir dúinn anois, mar Ghaeilgeoirí, straitéisí a oibriú amach le dlúthas a chur leis an fhorbairt sin. Ba chóir a chur ins na súile orthu go dtig leofa, abair, páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge gan slán a fhágáil ag a gcreideamh ná ag an Aontachtóireacht féin.

Chan fhuil mé a rádh nach dtuigfinn cás an Ghinearáil nó fiú cás na bPoblachtánach a bhí ag bruíonachas amuigh ins na sráideanna. Is í an cheist a chuir an Ginearál ná: an bhfuil de dhualgas orainn dáiríribh fáilte a fhearadh roimh dhream daoiní nach bhfuil meas an mhadaidh acu orainn? (Ó bhíonn mo dhuine ag cur a litriú féin i bhfeidhm ina bhfuil scríofa agam - cosúil le duine de ligeadóirí agus casadóirí an Chaighdeáin, mar a déarfadh Pádraig Ua Maoileoin - is dóigh liom go bhfuil sé de cheart agam cor a thabhairt in aghaidh an chaim agus canúint an Tuaiscirt a bhualadh anuas ar a chuid focal.) Tá seisean sách gar d'éirim an scéil, ach má tá féin, cha dtáinig sé uirthi mar a thuigim féin í.

Mar is dúcha don Fhionlannach, is rogha liom féin an scéal a chardáil mar cheist bhunreachtúil. Tá idé-eolaíocht na nAontachtóirí, má tá a leathbhreac acu ar aon nós, - tá sí bunaithe ar an smaointiú nach mba chóir do Phoblacht na hÉireann a bheith ann, ó nach bhfuil inti, dar leofa, ach toradh uafásach an scarúnachais agus na mídhílseachta. Agus is é an scarúnachas an peaca is troime ar chaiticiosma na nAontachtóirí: an rud a d'aontaigh Dia le chéile, cé a scarfas é? Quis separabit?

Anois, an bhfuil sé de dhualgas - de dhualgas dlíthiúil, nó de dhualgas morálta - ar lucht rialtais Phoblacht na hÉireann na daoiní seo a ligint isteach, agus iad géarbharúlach nach mba chóir do Phoblacht na hÉireann bheith ann riamh? Na Meiriceánaigh, a bhfuil de bharúil acu go gcaithfidh gach aon duine, fiú an sceimhlitheoir agus an t-ollsmachtúlaí, cead cainte a fháil, is é an freagra a bhéarfaidís ar an cheist seo ná go bhfuil, agus iad ag tagairt do cheann de leasuithe a mbunreachta féin. Tá stáit dhaonlathacha ins an Eoraip, áfach, nach gceadóchadh a leithéid.

Cuir i gcás, David Irving. Tá sé ag maíomh nach rabh aon Uileloscadh ann riamh, agus é caite i dtóin phríosúin, ós rud é go bhfuil sé toirmiscthe le dlí i dtíortha na Gearmáinise a leathbhreac de ráiteas a dhéanamh gos ard. Is é an bhrí a bhaineanns na Meiriceánaigh as sin go bhfuil prionsabal na saoirse cainte curtha ar ceal, agus go bhfuil srianta leis an daonlathas ins na tíortha sin. Chan é sin an míniú a bheir dlí na Gearmáine agus dlí na hOstaire ar na cúrsaí seo. Go bunúsach, tá an Ghearmáin agus an Ostair bunaithe ar an smaointiú gur rialtas coiriúil amach is amach a bhí i gceist leis an chóras a bhí ann roimh an daonlathas iar-chogaidh, agus go bhfuil sé de mhisiún ag an rialtas a tháinig ar an fhód in éis an chogaidh cosc iomlán a chur le haon iarracht a leithéid de chóras coiriúil a chur ar bun ins an tír aríst. Is cuid de seo féacháil chuige nach nglacfaidh aon duine buntáiste mídhlisteanach ar an chead cainte ná ar aon phrionsabal daonlathach eile leis an daonlathas féin a chur ó mhaith.

Óir sin é go díreach an rud a thit amach ins an Ghearmáin nuair a tháinig Hitler chun cumhachta: buntáiste a bhreith ar an daonlathas le deireadh a chur leis an daonlathas, leas a bhaint as an bhunreacht leis an bhunreacht a chaitheamh i dtraipisí. Tá córas rialtais na Gearmáine dírithe ar an t-aon rud amháin ná go bhfuil de cheart ag na daoiní a rogha rud a dhéanamh, ach aird a thabhairt ar an bhunreacht. An "F.B.I" nó an Brainse Speisialta atá acu, is é an t-ainm atá air ná Verfassungsschutz, is é sin, Údarás Cosanta an Bhunreachta. Thiar ins na seachtóidí, cuireadh cosc leis an KPD, Kommunistische Partei Deutschlands nó Páirtí Cumannach na Gearmáine, díreach ar chúis is go rabh an páirtí verfassungswidrig, is é sin, meáite ar an bhunreacht a chur ar ceal. (Ina dhiaidh sin, rinne Cumannaigh na Gearmáine Thiar athionchollú faoin ainm DKP, nó Deutsche Kommunistische Partei, is é sin, an Páirtí Cumannach Gearmánach in áit Páirtí Cumannach na Gearmáine.) Ar ndóighe, bhí na liobrálaigh chroíloiscthe, mar a déarfadh na Meiriceánaigh, is é sin, na hidéalaithe ón eite chlí, bhí siad ar an daoraí, ach i ndiaidh an iomláin, cha dtig liom aontú leofa a thuilleadh, nó nuair a thig an cruth ar an tairne, próiseas rialaithe dlí a bhí i gceist, agus cead achomairc agat mura rabh tú sásta le breithiúnas na cúirte.

Tá bunreacht na hÉireann bunaithe ar an smaointiú gur anlathas a bhí i rialtas na Breataine Móire nár lig do bhunadh na hÉireann a saol a stiúradh mar ba chóir, agus nach rabh de rogha ach Poblacht a chur ar bun do na hÉireannaigh lena chinntiú go mbeadh rialtas agus rialú na tíre fúthu féin. Na Fir Bhuí, áfach, is dream iad atá ag áitiú nach mba cheart tús a chur leis an Phoblacht riamh, ó tá siad dílis don anlathas sin agus iad inbharúla go rachadh sé chun leasa do na hÉireannaigh féin gan stát dá gcuid féin a bheith acu. An bhfuil sé de dhualgas ar aon stát cead cainte nó máirseála a fhágáil ag dream frithbhunreachtúil den tseort seo?