Tuesday, June 07, 2005

Evin Rubar, an tIriseoir Mná is Cróga ins an tSualainn

Siúd is gur duine de na Liobrálaigh chroíloiscthe - mar a déarfadh an Meiriceánach - a bhí ionam riamh, bhí mé seort mímhuiníneach as Daonsóisialaigh na Sualainne ó fuair mé an chéad aithne ar chultúr na tíre seo. Ní hionann sin is a rádh nach bhfaighfinn go leor le moladh fán tSualainn nó fiú fá pholasaithe an pháirtí áithrid sin. Na Meiriceánaigh, bíonn sé de réamhbhreithiúnas acu gur gealta gnéis iad na Sualannaigh. Muidne, áfach, ós rud é go rabh muid páirteach ins an Darna Cogadh Domhanda, is dual dúinn meas na mblióg is na bpiteog a bheith againn ar ár gcuid comharsanach Iartharach. Mar a chantaí thiar ins na seachtóidí: Tuo kumma Ruotsin kuoma on myöskin Luojan luoma - ei siitä saatu parempaa - "an diolúnach aistíoch sin ón tSualainn, b'é an Dia céadna a chruthaigh eisean i ndiaidh an iomláin, agus ná bímis ag fáil locht ar lorg láimhe Dé, siúd is nár éirigh an obair Leis ní b'fhearr". Ins an am sin, ní bhfuair muid riamh biseach ón choimpléasc uiríslíochta atá orainn roimh an tSualannach, ós rud é go dteachaidh an oiread sin Fionlannach ar imirce go dtí an tSualainn ó na caogaidí go dtí na seachtóidí, agus an Fhionlainn comh gann ins an obair is a bhíodh ins an am. Fiú nuair a bhí mé i mo bhuachaill bheag, bhí cuid mhór de na Fionlannaigh buartha fán dóigh a rabh muid ag cailleadh ár muintire, comh tiubh tapaidh téirimeach agus a bhí lucht ár gcomhdhúchais ag triall ar pháighe fhiail na Sualainne ag crios iompair na líne cóimeála i monarcha gluaisteán Volvo. Ón taobh eile de, bhí an tSualainnis ar an darna teanga iasachta (i ndiaidh an Bhéarla, ar ndóighe, agus beagnach comhuaineach leis an Ghearmáinis) dár fhoghlaim mé, agus í ar ceann de na teangacha is fearr a labhraím inniu - ar ndóighe, chuidigh mo fhréimhíocht leis sin, ós rud é gur Sualainniseoirí dúchasacha iad muintir m'athara.

Mar sin féin, is beag litríocht nó iriseoireacht Sualainnise de chuid na Sualainne a léigh mé riamh. Is í an tSualainnis an darna teanga oifigiúil ins an Fhionlainn, agus sin í an pháirt atá aici i mo shaol féin. Is cuid de mo chultúr féin é saol Sualainnise na Fionlainne, ach, ins an am chéadna, cuireann saol na Sualainne coimhthíos orm, agus bíonn sé ag dul rite liom comhionannú ceart a dhéanamh leis. Ar ndóighe, siúd is gur bhain sliocht sleachta mo chomhdhúchasach amach an-chliú ins an tSualainn, i gcruth is nach dtig leis na comharsanaigh a rádh a thuilleadh nach bhfuil ionainn ach paca gadaithe agus lucht beartaithe miodóg, níor mhaolaigh ar chiníochas fhrith-Fhionlannach an tSualannaigh an oiread sin go fóill is nach mbeadh sé inaitheanta ní ba mhó. Ach is é an rud is mó a chuireanns isteach orm i saol na Sualainne ná an rud ar bhaist mé verordneter Radikalismus air nuair a bhí mé ní ba réidhe ag baisteadh rudaí as Gearmáinis ná in aon teanga eile. (Bhí a leithéid de sheal i mo shaol, nuair a bhí mé i mo spuraicleach déagóra: ins an am sin, d'fhoghlaim mé Gearmáinis as mo stuaim féin, agus ní labhraínn ach í le mo mháthair ar feadh i bhfad. Thug an mhireog seo toradh maith nach dtáinig dreo ná meirg air go fóill: má theastaíonn ó aon duine a fháil amach cad é an proifisiún atá agam go hoifigiúil, is aistritheoir agus saineolaí Gearmáinise mé thar aon rud eile.) Is é is "verordneter Radikalismus" ann ná radacachas reachtaithe, focal ar fhocal. Níl mé cinnte a thuilleadh cad é a bhí i gceist, ach sílim i gcónaí go rabh mé i ndiaidh fírinne mhór a chur i bhfoclaibh ansin, ach greim ceart a fháil ar chiall na fírinne sin.

B'fhéidir go mb'é Olof Palme ba chúis leis. Ghlan anbhás Phalme gach smál dá chliú, ach leis an fhírinne a dhéanamh, má chuala mé an fear riamh á mholadh ag m'athair, tá Ian Paisley ina Chaitliceach. Bhí féith ghránna tuathghríosóireachta ann, agus í le haithne ar dhaonsóisialachas na Sualainne inniu féin. Thar aon rud eile, rinne sé cuid mhaith den radacachas clí a chomhthoghadh leis an tír a stiúradh, frídna gcuid nathanna agus manaí a ghlacadh chuige féin, ach ins an am, níor scaoil sé a ghreim féin de halmadóir na cumhachta riamh. Ansin, cuireadh piléar ann os coinne na pioctúrlainne. Níor theastaigh gardaí slándála uaidh le dul leis, mar léiriú ar comh tíriúil is a bhí sé le muintir na tíre. Ach is daor a d'íoc sé ar a shon sin, nuair a mharaigh fear buile as measc mionchiontóirí na gcúlsráideanna é. Ar ndóighe, ós rud é gur chuir a ghothaí tuathghríosóireachta, na mionnaí móra is na focail scansála agus sciolladóireachta a chleachtaíodh sé i dteagmháil na toghchánaíochta fearg ghangaideach ar go leor daoiní, ní bhímis in anás teoiricí comhcheilge i ndiaidh na coire. Is cuma liom féin fá dtaobh de na teoiricí seo, ach is suim liom a oidhríocht pholaitiúil ins an choimhthéacs seo.

An dóigh a gcomhthoghadh Palme dreamanna radacacha éagsúla agus a gcuid cuspóirí le cuma na ceannródaíochta a chur ar a pháirtí, dealraíonn sé gur lean a chuid comharbaí leofa ag déanamh aithris air. Ní rabh siad leath comh sciliúil leis féin na dreamanna seo a ghiúmaráil is a bhainistiú mar ba chóir. Agus anois, tá an chuma ar an scéal gur éirigh le grúpa antoisceach an córas cumhachta a insíothlú le caoinchead na nDaonsóisialach nach rabh in inmhe a thuigbheáilt go rabhthas ag glacadh buntáiste orthu. Cérbh iad na hantoiscigh a bhí i gceist? - Is eadh, na feiminithe.

Is deacair a theacht trasna ar thír ina mbeadh gluaiseacht na mban i ndiaidh níos mó dá gcuspóirí a bhaint amach ná an tSualainn. Ins an am chéadna, is doiligh an tSualainn a dhearscnamh i líonmhaireacht na mban míshásta nach bhfuil in inmhe aon rud fónta a dhéanamh lena saol ná lena n-oideachas tríú leibhéal, agus iad, ar ndóighe, ag iompairc an loicht ar an stát atá, dar leofa, sealbhaithe ag comhcheilg na muc seoibhineach fireann. Bíonn siad ag síor-léamh an chuid is éigiallta de litríocht fheimíníoch na Stát Aontaithe, ó Andrea Dworkin go Valerie Solanas. B'í Valerie Solanas an bhean a rinne iarracht ar Andy Warhol a mharú agus a d'fhág comh buanghortaithe é is go bhfuair sé bás, blianta i ndiaidh na hiarrachta. Bhail, ní rabh mé féin riamh róthugtha d'ealaíontóireacht Andy Warhol - ní rabh ann, mar Warhol, ach fear mór gáifeachta - ach is é an rud is suntasaí fán iarracht dhúnmharaithe seo ná go rabh Solanas ag féacháilt le cliú ínteacht a thuilleadh daoithi mar idé-eolaí feimíníoch le leabhar buile a mba teideal daoithi ná SCUM Manifesto, nó an Forógra um Bunú Chumann Cine-Dhíothaithe na bhFear. Bhí Solanas i ndiaidh a dhul fríd chruatán beagnach doshamhlaithe ina cailín beag daoithi, nó bhíodh a athair nó fear ínteacht eile a rabh dlúthghaol aici leis á héigniú ó nach rabh sí ach ina tachráinín, agus, ní nárbh ionadh, mo léan géar, chuaigh sí a shaothrú a coda ina striapach, nuair a tháinig sí slán óna muintir. Is é an breithiúnas is fearr a chuala mé ar an "fhorógra" seo ná go dtáinig sé ó pheann mná a bhí eadar éirimiúil agus as a meabhair. Bhí a leithéid de Mhurchadh feicthe ag Solanas is nach rabh sí in ann ach cinedhíothú na bhfear uilig a mholadh mar oll-leigheas ar éagóir an tsaoil. Agus is féidir a cás a thuigbheáilt, ar ndóighe. Is dócha gurb é sin an cineál mothúchán a bheadh orainn féin, dá mbeimis in éis an taobh chéadna den tsaol a fheiceáilt, gan mhalairt saoltaithí a mhaolóchadh ar an phian agus ar an chiniciúlacht.

Is é oighear an scéil, áfach, ná go bhfuil an "forógra" - a mholanns do na mná na fir a chur de dhroim an tsaoil le lámh láidir, gan oiread is aon tachrán buachalla a fhágáilt ina bheo - ina lón léitheoireachta ardfhaisiúnta ag feimínithe na Sualainne i láthair na huaire. Tháinig aistriúchán Sualainnise de i gcló tamaillín beag ama ó sin, agus mhol scríbhneoirí feimíníocha na Sualainne an forógra go hard na spéire. An leabhar seo, an scréach gheibheannach péine seo ó dhuine a bhí in umar na haimléise, rinne na feimínithe potbhiathaithe meánaicmeacha Sualannacha réalt eolais daoithi dófa féin! Mná arb é réabadh na riteog an taisme is mó dár éirigh dófa riamh, d'fhéach siad lena gcomhionannú a dhéanamh le Valerie Solanas, mar a bheadh patrún mná inti.

Chan abórfainn nach bhfuil a chuid suáilcí ag an fheimíneachas, ach shílfeá gurb é an rud is ciall le cúis na mban ná na mná a shaoradh i gcruth is go bhféadfaidís a bheith agus a bhforbairt a dhéanamh ina ndaoiní daonna. Chaill feimínithe na Sualainne a radharc ar an chuspóir seo le fada an lá, áfach. In áit a sult a bhaint as an tsaol mar dhaoiní daonna - leabhartha a scríobh, scéalta a chumadh, taighde a dhéanamh, teangacha a fhoghlaim, do rogha rud - glacann siad leis nach bhfuil cine na mban comh saor ó bhráca is go bhféadfaidís a dhath eile a dhéanamh seachas cath a chur. Is é an tátal a bhainfeá astu nach bhfuil ins an iomlán dhearg acu ach lucht an bhéil bhoicht. Nó b'fhéidir nach é an béal bocht an meafar is fearr. Déarfainn go bhfuil siad cosúil leis an chuid is fanaicí den I.R.A., agus iad comh clóite leis an tsíor-chath agus nach ritheann cuspóirí a gcatha leofa a thuilleadh.

Cibé scéal é, aon áit a n-iompaíonn an cath ina luach ann féin, ní bhíonn an fanaiceachas neamhthorthúil i bhfad ag teacht i gcrann. Sin é an suíomh atá ag an fheimíneachas ins an tSualainn inniu. Tá gluaiseacht na mban in éis a gcuid seanchuspóirí ar fad a bhaint amach, ach ní thig leofa a mbuaidh a cheiliúradh, ná fiú a aidmheáil. Mná iad seo a bhfuil a saol comh tiomnaithe don chúis troda acu is nár bhuail an smaointiú iad riamh, goidé a dheánfas siad nuair a bhéas an chothromaíocht iomlán curtha ar bun eadar an dá ghnéas.

Anois, deir feimínithe na Sualainne nach bhfuil an chothromaíocht iomlán ann go fóill. Creidim an méid sin uathu faoi chroí mhór mhaith. Ins an am chéadna, tá mé den bharúil go bhfuil cuid mhaith déanta acu cheana, agus go mb'fhearr dófa an saol a ghlacadh go réidh réchúiseach anois. Cha dteán siad a dhath ar bith den chineál sin, ach, ina ionad sin, síleann siad an domhan de Solanas agus dá forógra - ach ós rud é gur striapach bhocht chráite agus iar-íospartach gnéis a bhí inti, mar Solanas, ba deacair cuimhneamh ar chinniúint dhaonna a bheadh suite ní b'fhaide ar shiúl ó aoibhneas meánaicmiúil na mban Sualannach. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil feimínithe meánaicmeacha na Sualainne ag déanamh fleá agus féasta ar iarsmaí lofa na mná mí-ádhúla, ag déanamh a gcomhionannú féin le Solanas ós rud é gur airdiú meanman dófa iad féin a mhothachtáil faoi leatrom comh mór céadna.

Is é an cineál caint a bíos ag Solanas ina forógra ná gur ainmhithe brúidiúla aingiallta iad na fir. Bhí sise i dteideal a leithéid a rádh, ó fuair sí íde agus íospairt ghnéis óna hathair agus óna huncail féin ó bhí sí ina cailín beag. Aon bhean nach bhfaighfeadh drochbhlas ar na fir i ndiaidh a leithéide, bean neamhghnách i ngach aon chiall a bheadh inti. Ach ins an am chéadna, is follasach gur bean bhocht bhreoite a bhí i Solanas agus nach bhfuil sé folláin spalpadh pianmhar na mná seo a chur roimh na mná is na cailíní folláine mar dhíol aithrise. (Dála an scéil, sílim go bhfuil an locht céadna ar chuid mhór de na liobrálaigh chroíloiscthe go léir. Níl a shéanadh ann go rabh cúiseanna ag Solanas leis an fhuath a bhí aici ar na fir uilig, cúiseanna a bhí intuigthe ag aon duine dhaonna. Ach má léiríonn muid tuigse chomhdhaonnach do scríbhinní Solanas, ní hionann sin is go gcaithfidh muid glacadh leofa mar réalt eolais. Ar ndóighe, bhí cúiseanna maithe ag Hitler Mein Kampf a scríobh, cúiseanna intuigthe a bhí fréamhaithe ina stair phearsanta féin; ach mar sin féin, ná ritheadh le haon duine a shílstean go mba chóir dúinn aon rud dá moltar ins an leabhar uafásach sin a chur i gcrích! - Agus, ar ndóighe, siúd is go rabh fíor-éagóir shóisialta taobh thiar den Chumannachas, éagóir a bhí ag fanúint lena leigheas, is beag leigheas ba mheasa ná "deachtóireacht na bprólatáireach", mar a déarfadh Solzhenitsyn agus a chara nach maireann, Lev Kopelev, d'aonghuth. - Na liobrálaigh chroíloiscthe, agus an chuid is mó acu ina suí go seascair ina dtithe teo meánaicmiúla, tá cuid mhaith acu ann nach dtuigeann nach gá le creidiúint a thabhairt do theoiricí Léinín ná tuigse a léiriú dá chuid polasaithe, fiú má ghlacann muid leis go rabh córas cumhachta an Impire Rúisigh lán comh huafásach is mar a chuir réabhlóidithe na Rúise síos air.)

Anois, i Mí na Bealtaine, chraol Teilifís na Sualainne dhá chlár faisnéise inar nochtadh an chuma atá ar an fheimíneachas ins an tír inniu. Is é an rud a chonaic muid ná feimínithe meánaicmiúla ag amharc isteach i lionsa an cheamara agus loinnir na gloine ina súile, agus iad ag aithris manaí de chuid Solanas lom díreach mar a bheadh seictigh den chineál is mó mire amuigh iontu. D'úirt bean acu nach rabh dul chun cinn ar bith déanta ag cúis na mban, ó tháinig a heagraíocht féin ar an fhód tríocha bliain ó shin - agus b'é an tátal a bhain sí as seo ná go gcaithfí an stát tuilleadh deontais a íoc leis an eagraíocht, siúd is go rabh siad tar éis céad milliún kronor a fháil i mbuiséad na bliana seo cheana féin. Bean eile, bhí sí suite siúráilte go bhfuil comhcheilg de chuid na bhfear cumhachtach ag obair faoi choim ins an tSualainn agus iad ag ofráil na gcéadta de pháistí beaga i ndeasghnátha brúidiúla ina gcuid pluaiseanna faoi thalamh in aghaidh na bliana. An chéad bhean acu, bhí sí i gceannas ar eagras na dtithe sábháilte do mhná atá á mbualadh ag a bhfir chéile, agus b'é an dearcadh a bhí aici ar cheist na bhfear céile a bíos ag imirt foréigin ar a mná céile ná gur gnáthfhir iad agus gur cuid de ghnáthiompraíocht an fhir ins an tsochaí é íde a thabhairt dá mhnaoi chéile.

Is é an chuid is suimiúla den scéal ná an craoltóir a rinne an clár. B'í Evin Rubar, iriseoir óg mná arb as an Chuirdeastáin daoithi ó dhúchas, agus í i ndiaidh a dintiúirí a bhaint amach le clár faisnéise inar chaith sí súil dhian ar na scoltacha príobháideacha Muslamacha ins an tSualainn. Chuir sí fial Mhuslamach uirthi féin agus shleamhnaigh isteach chuig príomhoidí na scoltacha seo, agus í ag tabhairt le fios go rabh sí ag brath ar neacht óg a chur i scoil Mhuslamach, áit nach mbeadh uafáis an chultúir Iartharaigh ag bagairt ar an chailín bheag. Mar sin, d'éirigh léithi a fháil amach gur gnách i gcuid de na scoltacha seo na páistí a choinneáil faoi smacht le buillí agus le lámh láidir, rud atá toirmeasctha i reachtaíocht na Sualainne. Thairis sin, bítear ag déanamh droichid de na rudaí íogaire ar churaclam oifigiúil na roinne oideachais, cosúil leis an éabhlóid agus leis an ghnéasoideachas.

Bhain an clár faisnéise stangadh as an tSualainn, ar ndóighe. Bhí gliondar ar na ciníochaithe cloigeannfheannta ar na cúiseanna contráilte, agus cháin na scoltacha i gceist an dóigh ar bhain Rubar mí-úsáid as an mhuinín a bhí ag na príomhoidí aisti. Tá iamám ínteacht meáite ar an dlí a chur ar Rubar, "le go mbeadh an lá ag an fhírinne, más é toil Dé é". Tabhair fá dtear go bhfuil Muslamaigh na Sualainne comh sibhialta is nach rabh, de réir dhealraimh, aon ghrúpa de Mhuslamaigh thall ansin ag bagairt dlí a lámh féin a imirt ar an chailín. Is fearr leofa dlí na Sualainne. Cuid mhaith acu, fiú, bhí faoiseamh orthu go rabh sé de cheann dána ag Evin an scéal a reic leis an tsaol mhór. Duine de na blagadóirí Muslamacha ins an tSualainn, bhí sé buíoch beannachtach léithi ar a shon.

A mhalairt a bhí fíor, áfach, nuair a bhí sé de dhánacht i Rubar locht a fháil ar na feimínithe. A leithéid d'ionsaí díchéillí ní fhaca mé riamh. Nuair a bhí Rubar sásta caint a thabhairt uaithi os coinne Timbro (fundúireacht bholscaireachta na tionsclaíochta ins an tSualainn), rinne na feimínithe a ndicheall le leas a bhaint as sin mar fhianaise nach rabh i gceist ag Rubar ach ionsaí bolscaireachta ar ghluaiseacht na mban agus é á mhaoiniú ag Timbro. Bhail, níor éirigh leofa. Tá na daoiní róchliste le creidbheáilt go mbeadh comhcheilg rúnda de chuid "na gcaipitlíoch gránna" in Timbro i gceist. Thairis sin, chuir na feimínithe síos do Rubar gur bean phatrarcach a bhí inti! Níl ina leithéid, ar ndóighe, ach placadh siollaí gan bhrí gan chiall, ach léiríonn sé comh domhain agus a gheibh na feimínithe Sualannacha iad féin in umar an éadóchais: tá siad glan i ndeireadh a gcuid argóintí.


(AR LEAN)