Saturday, October 15, 2005

Suáilcí Star Wreck

Tá an scannán feicthe agam cupla uair anois, ó fuair mé an DVD. Chosain an diosca dhá eora is fiche, ach ós rud é go bhfuil an scannán le híoslódáil saor in aisce, ní praghas é go díreach an luach a dhíoltar ar son an diosca, ach dúthracht nó síneantas saorthoilteanach do lucht déanta an scannáin. Chaith na buachaillí féin fiche nó tríocha míle eora ar fad leis an obair a chríochnú, comh maith le seacht mbliana dá saol - an stócach a stiúraigh an tionscadal ó thús go deireadh, bhí sé ocht mbliana déag nuair a chrom siad ar an scannánaíocht, anois tá sé cúig bliana fichead.

Tháinig cineál scannán doiciméadach nó faisnéise ar an DVD comh maith a thaispeáin an dóigh a ndearnadh an príomhscannán. Go bunúsach, rinneadh gach radharc a scannánú nó a fhístaifeadadh os coinne scaileán gorm, i gcruth is go mb'fhéidir teimheal an aisteora a ghearradh amach agus a shuíomh i dtimpeallacht eile ar an ríomhaire. Go minic, scannánaíodh gach aisteoir ina aonar, agus ní tháinig sé in aon phioctúir le haisteoirí eile an radhairc sula dtearn an léiritheoir a chuid féin den obair, agus é ag cur na n-eilimintí éagsúla le chéile ar an ríomhaire.

Ins an deireadh thiar thall, fuarthas scannán nach bhfuil a mhaisíocht chun deiridh ar mhaisíocht na bhfíor-scannán agus na bhfíor-shraithscéalta spáis a bhfuil sé ag déanamh scigaithrise orthu. An cara a bhí anseo aréirnas leis an scannán a fheiceáilt le súile a chinn féin fá dheoidh, bhí sé dallraithe ar fad ag an obair a bhí déanta ag na buachaillí.

I dtús an scannáin, tchí muid an Caiftín Pirk (!) ó P-liitto, nó Comhghuaillíocht P, comh maith leis an róbat Info agus an Pliongánach (!) Dwarf (!!), agus iad i ndiaidh turas amthaistil a dhéanamh a d'fhág sáinnithe ins an chéad aois is fiche iad, gan gléas siúil acu a cheadóchadh dófa pilleadh ar a n-am féin. Ós rud é go bhfuil na Vulgáraigh (!) díreach i ndiaidh tuirlingt ar an Domhan, is dóigh le Pirk agus an bheirt eile acu gur fearr dófa fanúint ciúin i measc na ngnáthdhaoiní. Nó is é an fhorbairt atá i ndán don domhan, de réir annálacha na staire, go bhfuil na Vulgáraigh leis an chine dhaonna a chur ar bhealach a leasa, ar dhóigh is go dtiocfaidh Comhghuaillíocht P ar an fhód ins an deireadh thiar thall.

Níl na cúrsaí ag dul a mbealach, áfach. Nó nuair a tháinig na Vulgáraigh, fuair siad iad féin i ndroch-chuideachta an rac-cheoltóra Cochbrane (nó Cockbrain, b'fhéidir?) agus d'fhoghlaim siad gach duáilce ó fhear mhór an drabhláis, eadar bhiotáilte, chocaon, agus ghnéas. Níor bhuair siad a gcloigne le todhchaí an chine dhaonna a thuilleadh, agus in áit a gcuid teicneolaíocht fhrithdhamhna a roinnt le lucht na heolaíochta ar an Domhan, reic siad a spásárthach le Rúiseach ínteach a mb'ainm dó Vlaidimior ar phraghas damanta ard lena gcuid cócaon agus ban a mhaoiniú.

Mar sin, gheibh Pirk agus an bheirt eile go bhfuil sé ag titim ar a gcrann bunú na comhghuaillíochta a chinntiú. Cinneann Pirk ar Impireacht an Domhain a bhaint amach dó féin lena chuid ardteicneolaíochta, agus síníonn sé conradh le hUachtarán na Rúise lena sháith earcach a fháil dá arm impiriúil. Nuair atá an Domhan ar fad ag mionnú dílseachta do Phirk, gheibh sé réitithe d'Uachtarán na Rúise.

Ós rud é, áfach, nach bhfuil Pirk ábalta bail cheart a chur ar chúrsaí an Domhain (ná ar aon rud eile - leis an fhírinne a rádh, is golspaire gan mhaith é amach is amach) caithfidh sé a dhul ar lorg domhain úra amuigh ins an spás. De thaisme, gheibh sé amach fá dtaobh de pholl péiste ar imeall an ghrianchórais, agus cinneann sé ar an spásloingeas ar fad a stiúradh fríd an pholl, le cibé namhaid thall ansin a chloí agus le pláinéid nua a shealbhú le haghaidh coilíneachta.

Tá iontas na n-iontas ag fanúint le loingeas ionartha an Impire Pirk ar an taobh eile den pholl péiste, mar atá, an stáisiún spáis udaí Baabel a Trí Deag (Babylon a Cúig, ar ndóighe), agus an fear mór óráidíochta agus ardnósanna udaí, Joni K. Sherrypie, i gceannas ar an áit, in éineacht le mnaoi óig arb ainm daoithi Susanna Ivanovitsa (!).